Craolfar clár nua cúrsaí reatha ar stáisiún Ghaelpobal na Gaillimhe Raidió na dTreabh inniu, Déardaoin 16 Márta, ag 6in.
‘Cabaireacht’ is teideal don chlár úr cainte, a dhíreoidh ar na scéalta, idir bheag agus mhór, atá ag titim amach gach seachtain.
Is iad Ursula Ní Shabhaois, de bhunadh dheisceart Ard Mhacha – atá tar éis bogadh go Gaillimh do phost le Conradh na Gaeilge – agus tuairisceoir le TG4 Shane Ó Curraighín, as Dún na nGall, a bheas i mbun an chláir.
Ag labhairt le NÓS dó, dúirt Shane gur bhfuil “leid mhaith” ar fáil san fhocal ‘cabaireacht’ maidir le stíl agus réim an chláir.
“Beidh muid ag caint go hoscailte scaoilte, agus go hionraic, faoin oiread atá ag tarlú i saol na Gaeilge, i nGaillimh agus ar bhonn náisiúnta,” ar sé.
“Clár é do dhaoine de gach aois ar mian leo bheith ar an eolas faoi cad atá ag dul ar aghaidh agus déanfaidh muid cinnte de meascán maith, idir scéalta troma agus éadroma, a phlé.”
Dúirt Ursula go bhfuil sé ina sprioc acu fosta eolas a chur ar fáil ar bhealach “siamsúil agus simplí”.
“Tá an claonadh ag cláir nuachta agus chúrsaí reatha a bheith ar éirim ard, agus tá sin de dhíth in amanna, ach is minic a fhágtar daoine gan tuiscint ar an scéal,” arsa Ursula.
“Ní bheith faitíos ar bith orainn filleadh ar an bhuneolas, nó ar an bhunscéal, le cinntiú go mbeidh na héisteoirí linn.”
Agus scéal cinnte faighte ag Raidió na dTreabh go mbeidh a gcuid clár ar fáil mar phodchraoltaí ó iTunes agus Google Play go luath, beidh bealach níos fusa ná riamh ag éisteoirí teacht ar na cláir is ansa leo agus, ag breathnú ar a bhfuil sa sceideal anocht, beidh neart rogha ann!
Cláir an lae inniu ar @RnadTreabh https://t.co/jnCGULbdVI, ag tosú 17.00! 🎙️ pic.twitter.com/iOM2TXVbzP
— Raidió na dTreabh (@RnadTreabh) 16 Márta 2017
Raidió na dTreabh abú!