‘Caithfidh tú an fheachtasaíocht a dhéanamh sa teanga is fearr leis an duine’

Labhair eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, an tseachtain seo le cathaoirleach Raidió na dTreabh, Mícheál Ó Conghaile agus le Jess Ní Cheallaigh, atá i mbun céim sa gCumarsáid in OÉ, Gaillimh, faoin bhfeachtas chun an Ghàidhlig a chur ar fáil ar Duolingo, an mhórfhéile BEO a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, an grúpa feachtais ‘Gaeil ar Son Rogha’ agus Meghan ‘Bandiúc Chonnacht’ Markle.