Téigh ar aistear lán cumha, lán iontais, lán castachta an samhradh seo le Ceara Ní Choinn agus an tsraith úr Saol na mBan ar BBC Raidió Uladh agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cluinfidh éisteoirí bean an mhaidhc ag fiosrú scéalta na mban le 60 bliain anuas chun stair shaibhir na bantrachta in Éirinn a fhí tríd na blianta sa tsraith sé eagrán seo.
Léirigh Clean Slate TV an tsraith, Saol na mBan, mar chomhchraoladh idir BBC Raidió Uladh agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cuireann Ceara roimpi na héisteoirí a thabhairt ar thuras trí chuimhní cinn na mban. Is cuntas é gach eagrán ní ar shaol duine amháin ach ar na glúnta a tháinig romhainn agus atá ag maireachtáil go fóill.
Fiosróidh an clár cén dóigh “a dtagann cogarnaí na staire le chéile le macallaí an lae inniu.” Buailfidh Ceara leo siúd a chuir cruth athraitheach ar an tírdhreach gheilleagrach agus ar an tírdhreach pholaitiúil chomh maith leis na mná a throid ar son saoirse shóisialta.
Is guthanna iad seo nach dtugtar chun solais i dtólamh. Léiríonn siad réimse leathan dearcthaí ar aon leis na deiseanna atá anois ar fáil le himeacht ama.

“Ní sraith raidió amháin é Saol na mBan; is aistear fríd an am é,” a deir lucht saothair an chláir.
Le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann, cuirfidh an tsraith síos ar achan ghlúin ban, na dúshláin a bhí rompu agus na haislingí a bhí acu in ainneoin na gconstaicí. Léirítear “meon dosháraithe na mban a rugadh agus a tógadh in Éirinn uirbeach agus i ndúichí tuaithe.”
“Sa chéad chlár cluinimid ó mhná a rugadh sna 1940idí. Máire Mhic Sheáin, duine de na cónaitheoirí Gaeltachta is sine in iarthar Bhéal Feirste. Rugadh Maggie Nic Pháidín ar oileán iargúlta Inis Bó Finne amach ó chósta iarthuaisceart Dhún na nGall, tháinig Patricia Herald ar an tsaol i ndílleachtlann i mBaile Átha Cliath ach uchtaíodh í roinnt blianta ina dhiaidh sin agus chaith sí bunús a saoil i nGaeltacht Loch an Iúir.”

“Is iar-bhean a’ tí agus seanchaí í Nóra Ní Raghallaigh ó Ghaeltacht Rann na Feirste, agus ar deireadh bean bhródúil de bhunadh Ard Mhacha theas ó dhúchas, an tSiúr Mairéad Ní Fhearáin a chuaigh isteach sna Cláiríní nuair a chríochnaigh sí an scoil.”
Craolfar Saol na mBan gach oíche Mháirt ag 19:30 ón 2 Iúil ar aghaidh ar BBC Raidió Uladh agus beidh sí le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón 3 Iúil gach Céadaoin ag 13:30.