Craoladh an chéad eagrán de chlár nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, Bladhaire, á chur i láthair ag an iriseoir aitheanta Áine Ní Bhreisleáin. Tá aithne mhaith ag lucht éisteachta RTÉ RnaG ar Áine ó na cláracha nuachta agus cúrsaí reatha Nuacht an Tuaiscirt agus Barrscéalta, ach thapaigh RTÉ an deis taobh eile di a thaispeáint sa gclár nua siamsúil seo agus ba chiallmhar an cinneadh é.
Tá beocht úr curtha ag Ní Bhreisleáin i sceideal an tráthnóna, agus ba le splanc a cuireadh tús leis an tsraith nua inniu.
Ar deireadh, tá RTÉ RnaG ag teacht i dtír ar chuid den fhuinneamh atá taobh thiar den phodchraoladh iomráiteach Beo Ar Éigean agus iad ag dul i dtreo éisteoirí óga a mhealladh den chéad uair le fada.
Níor thuig mé riamh cén fáth nár thapaigh Raidió na Gaeltachta an deis Beo Ar Éigean, táirge de chuid RTÉ, a chraoladh ar an aer — tá go leor áiteacha fós sa tír nach bhfuil an tIdirlíon sách láidir ann podchraoltaí a íoslódáil iontu, agus chuirfeadh an fuinneamh agus meon atá ann go mór le sceideal an stáisiúin.
Ar deireadh tá deis tugtha ag RTÉ duine de láithreoirí spleodracha an chláir sin an phearsantacht a chuaigh i bhfeidhm go mór ar lucht éisteachta Beo Ar Éigean a scaoileadh saor, agus clár a bhí ag teastáil go géar ón stáisiún a chruthú.
Tá meascán breá de cheol agus caint ar Bladhaire agus cé gur á chraoladh ó stiúideo na nDoirí Beaga i nGaoth Dobhair atá sé, is clár náisiúnta agus, go deimhin, idirnáisiúnta é seo, agus míreanna sa gcéad eagrán a bhaineann le Contae Chiarraí, Albain, agus an Fhrainc ar an sceideal.
Tá moladh mór ag dul d’fhoireann an chláir, Áine Ní Bhreisleáin agus Damien Ó Dónaill, as an leas atá bainte acu as na meáin shóisialta agus an clár á léiriú. Den chéad uair le mo chuimhne, cruthaíodh buzz ceart ar na meáin shóisialta roimh an gcéad eagrán den chlár agus rinneadh clúdach maith ar ardáin éagsúla le linn an chláir féin.
Is é an cineál seo cláir atá ag teastáil go géar ó Raidió na Gaeltachta agus saol na craoltóireachta raidió ag bogadh i dtreo an domhain dhigitigh — craoltóirí cumasacha ar cainteoirí breátha Gaeltachta iad atá inniúil ar an saol ar líne. Airím, scaití, go n-imíonn RnaG óna bhunluachanna nuair a dhéantar iarracht rud nua, nó ábhar ‘neamhthraidisiúnta’ a phlé, ach tá siad ar an mbóthar ceart leis an gclár nua seo.