Ciste tacaíochta á chruinniú do Rónán Mac Aodha Bhuí

Tá os cionn €5,600 tiomsaithe cheana féin ar leathanach Go Fund Me a osclaíodh tráthnóna inniu le ciste tacaíochta a chruinniú don chraoltóir aitheanta agus Gael mór Rónán Mac Aodha Bhuí as Gaoth Dobhair. Chruthaigh grúpa cairde de chuid Rónáin an leathanach tiomsaithe airgid níos luaithe inniu leis an “gcostas ollmhór” a bhaineann leis an gcóir leighis atá ag teastáil ó Rónán a ghlanadh.

Tá Rónán, a bhfuil cáil air i ngar is i gcéin mar gheall ar a chuid oibre sna meáin chumarsáide le 30 bliain anuas chomh maith leis An Cabaret Craiceáilte a bhunaigh sé, ag dul i ngleic leis an ailse le ceithre bliana anuas agus tá súil aige go laghdóidh an chóir leighis – nach bhfuil fáil uirthi sa tír seo – na cnapáin ailse atá ina cholainn sa chaoi is go mbeifear in ann iad a bhaint amach ar fad.

“Tá sé i gclinic sa Spáinn faoi láthair, ag fáil cóir leighis, agus beidh sé ag dul chuig otharlanna agus clinicí fóirsteanacha eile i dtíortha eile sna míonna amach romhainn chomh maith le teiripí éagsúla atá ar fáil sa tír seo.

“Tá costas ollmhór leis an chóir leighis agus na teiripí seo agus ba mhaith linne, a chairde agus a theaghlach, cuidiú leis na costais seo a ghlanadh,” a deirtear ar an leathanach GoFundMe.

Deir cairde agus muintir Rónáin go gcosnóidh an chóir leighis suas is anuas le €180,000 ach nach dteastaíonn uathu ach dhá thrian den chostas sin a bhailiú ar an leathanach Go Fund Me – €120,000. Tá tús maith curtha acu leis an bhfeachtas agus os cionn €5,600 bailithe taobh istigh de chúpla uair an chloig.

Tá iarrtha ag lucht an fheachtais tiomsaithe airgid ar dhaoine imeachtaí nó ócáidí a eagrú más féidir leo le tuilleadh airgid a bhailiú ar son Rónáin agus tá fáilte roimh cheoltóirí a bheadh sásta páirt a ghlacadh ina leithéid d’ócáid teagmháil a dhéanamh leo ar cairderonain@gmail.com.

Ba i mí an Mheithimh 2018 a tháinig an chéad chomhartha den ailse ar Rónán agus chaith sé seachtain san ospidéal. Chuaigh sé faoin scian leis an ailse a bhaint amach in 2019 agus chuaigh sé trí cheimiteiripe cúpla babhta i gcaitheamh na mblianta 2019, 2020, agus 2021. Chuaigh sé faoin scian arís cothrom an ama seo anuraidh agus d’éirigh leis na máinlianna cnapáin ailse a bhaint amach as na putóga, an scairt, agus an peireatóinéam. Dhá mhí ina dhiaidh sin, rinneadh cúrsa eile ceimiteiripe i gcaitheamh na bliana seo caite.

Chuaigh Rónán chun na Spáinne an mhí seo agus beidh sé ag dul chuig clinicí agus ospidéil sa tír sin le súil is go mbeidh leigheas nó laghdú ar na cnapáin ailse atá fós ina cholainn ar fáil ann.

Laoch de chuid na nGael é Rónán Mac Aodha Bhuí a tháinig chun cinn ar an stáitse náisiúnta den chéad uair agus é ina fhear óg ar chláracha teilifíse de chuid RTÉ agus TnaG agus mar iriseoir pinn leis na nuachtán Anois agus . Is leis an gclár spraíúil Rónán Beo @ 3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta is mó a shamhlaítear an craoltóir Conallach ar na saolta seo agus bhain sé duaiseanna agus gradaim as feabhas a chuid láithreoireachta ar an gclár sin.

Is cara mór de chuid na hirise NÓS é Rónán Mac Aodha Bhuí agus guíonn lucht bainistíochta, eagarthóir, agus foireann uile na hirise gach rath ar ár gcara agus é ag dul i ngleic leis an ailse.

SCÉALTA EILE