Clár nua faoi Bhríd Naofa le craoladh ar RnaG Lá Fhéile Bríde

“Meascán d’ábhar nua agus d’ábhar thar a bheith spéisiúil ón gcartlann” a bheidh sa gclár faoi Bhríd Naofa a chraolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta amárach. Is é Séamus Ó Scanláin a chuirfidh an clár i láthair agus beidh “ábhar ón tuaisceart, ón iarthar, agus ón deisceart” a taifeadadh go speisialta don chlár agus a tógadh ó chartlann fhairsing RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla. 

“Beidh meascán deas den nua agus den sean sa gclár. Rinne clár thiar sa mbliain 1984 as Fochairt i gContae Lú, gar don áit ar rugadh Bríd, agus bhí scoth na gcainteoirí ar an gclár sin – Eoin Ó Coinn, fear as an áit, Bab Feirtéar, agus bean rialta as Ord na mBrídíní i gCill Dara. Beidh míreanna ón gclár seo á gcraoladh againne amárach, ach dáiríre dá gcuirfí chuile shórt atá sa gcartlann faoi Bhríd amach bheadh clár ceithre nó cúig uair an chloig agat. 

“Anuas ar an ábhar cartlainne sin, beidh daoine as chuile chearn den tír ag caint liom faoi na gnásanna agus na nósanna a bhaineann le Lá Fhéile Bríde ó cheann ceann na tíre. Beidh Aedín Ní Thiarnaigh liom, bean a rinne máistreacht ar thraidisiún Bríde in Inis Meáin, agus beidh an scéalaí Bríd Anna Ní Bhaoill as Rann na Feirste ann freisin, clár an-deas a bheidh ann,” a dúirt Séamus le NÓS. 

Bhí spéis ag Séamus “riamh anall” i stair agus seanchas ‘Mhuire na nGael’ cé nach raibh an traidisiún chomh láidir céanna ina cheantar dúchais, Cois Fharraige, agus atá i gceantracha eile sa nGaeltacht. 

“Bhí suim agam riamh anall inti, go háirithe ó thaobh staire agus seanchais, tá sí ar dhuine de na laochra móra i stair na Críostaíochta in Éirinn ach i gcomparáid le Pádraig ní dhéantar an oiread sin cainte uirthi. Tá nasc aici le dreamanna éagsúla ar fud na tíre, na hiascairí, na gaibhne, agus an lucht siúil agus bhí sé an-spéisiúil na scéalta sin uilig a chloisteáil. 

“Is túisce a déarfainn go bhfuil na nósanna níos beoichte in áiteacha ar nós Inis Meáin. Tá Bríd níos láidre istigh ansin ná mar a bheadh sí in áiteacha eile, ach ní haon údarás mé féin. Bhí sé go deas léargas a fháil ón ábhar cartlainne agus ó na haoichainteoirí ar an gcaoi a gcaitear léi i gceantracha Gaeltachta,” a dúirt sé. 

Dúirt Séamus go raibh sé “d’ádh [air] mar chraoltóir óg” dul siar leathchéad bliain sa gcartlann agus gur “próiseas foghlama” a bhí ann breathnú ar an gcaoi a ndéantaí cláracha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i dtús aimsire. 

“Ní raibh an raidió ach ina thús nuair a rinneadh go leor de na cláracha cartlainne a chuala mé agus mé i mbun an chláir seo. Bhí sé iontach spléachadh a fháil ar an gcaoi a leírít cláracha san am a caitheadh agus spléachadh a fháil ar an saol mar a bhí. Bhí sé sin uilig an-tráthúil agus muid ag druidim le comóradh an leathchéid [ar Raidió na Gaeltachta] aimsir na Cásca. D’fhéadfaí go leor cláracha eile a bhaint as an gcartlann luath sin, níl an obair ach ina thús dáiríre. 

Craolfar Naomh Bríd – Muire na nGael ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 15.00 amárach, Dé Máirt 1 Feabhra. 

SCÉALTA EILE