Clár nua i nGaeilge ar RTÉ Pulse

Beidh an réalta óg raidió Aindriú de Paor, duine de chraoltóirí ‘An Bricfeasta Blasta’ ar Raidió na Life, ag cur tús le clár ceoil nua i nGaeilge ar RTÉ Pulse san oíche amárach, Dé Céadaoin 1 Márta ag a 9in.

‘An Seinnliosta’ is teideal den chlár agus beidh neart cainte agus spraoi i gceist, mar aon le rogha Aindriú den cheol uirbeach is fearr ó achan chearn den domhan.

Ag labhairt le NÓS dó, dúirt Aindriú go mbeidh béim ar an spraoi ó tharla an deireadh seachtaine a bheith ag greadadh linn.

“Faoin gCéadaoin, bíonn daoine tar éis laethanta fada a chur isteach ar scoil, ar an gcoláiste, ar an obair nó ag traenáil – beidh an clár seo mar thús neamhoifigiúil leis an deireadh seachtaine dóibh,” ar sé.

Gach seachtain beidh aíonna i dteannta Aindriú sa stiúideo ó réimsí éagsúla den saol – ceoltóirí, fuirseoirí, siamsóirí agus eile.

Tá muid ag súil le neart ceoil agus craice le Matt Ó Baoill, ón ngrúpa ceoil Tebi Rex, agus Mícheál Ó Ciaradh ó TG4, beirt a bheas istigh le hAindriú don chéad chlár amárach.

Bíonn Aindriú, arb as Carraig na Siúire i gContae Thiobraid Árann dó, le cloisteáil ar chlár rathúil na maidine ar Raidió na Life ‘An Bricfeasta Blasta’ gach Luan agus Céadaoin ag a 8rn.

Is féidir teacht ar an chlár ar pulse.rte.ie, ar an aip ‘An Seinnteoir Raidió’ agus ar Saorview & Virgin Media ar chainéal 943.

Beimid ag éisteacht!

SCÉALTA EILE