Clár rialta ar Radio One deánta de ‘Beo Ar Éigean’

Beidh Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn le cloisteáil ar RTÉ Radio One gach seachtain ar a gclár nua raidió Beo Ar Éigean. Tá cáil bainte amach ag an triúr ban le trí bliana anuas as an bpodchraoladh cainte, a craoladh faoin teideal céanna ar líne go dtí seo.

Ach tá clár rialta raidió déanta den chlár ag RTÉ agus craolfar Beo Ar Éigean gach Satharn ar RTÉ Radio One ó dheireadh na míosa seo ar aghaidh. Beidh an chéad eagrán raidió den chlár le cloisteáil Dé Sathairn an 23 Bealtaine ag 20.00 ar RTÉ Radio One.

Tá “ríméad” ar na mná go mbeidh a lucht éisteachta dílis in ann éisteacht leo ar an stáisiún raidió is mó rath sa tír.

Tá aithne mhaith ag an triúr acu ar a chéile le fada an lá agus bíonn gach eagrán den phodchraoladh lán cainte agus comhrá faoi chúrsaí éagsúla an tsaoil – “greann, gnéas, grá, fuath, bás, agus botox” mar a deir siad féin.

SCÉALTA EILE