Craolfar clár speisialta Dé Luain faoi Choláiste Bhríde i Rann na Feirste, ceann de na coláistí samhraidh i cáiliúla sa tír, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Seo an chéad bhliain ó 1926 nach mbeidh Gaeilgeoirí ag teacht go Coláiste Bhríde, mar gheall ar ráig an víris chorónaigh.
Cuirfidh an láithreoir raidió Damien Ó Dónaill, ar as ceantar Rann na Feirste ó dhúchas é, an clár i láthair, clár ina ríomhfar stair an choláiste ón uair a bunaíodh in Ó Méith i gContae Lú é, go dtí gur aistríodh go Rann na Feirste in 1926 é, go dtí an lá atá inniu ann.
Tá neart ábhar cartlainne ag RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Choláiste Bhríde a bailíodh ó bunaíodh an stáisiún raidió Gaeltachta in 1972 agus cloisfear go leor de sin ar an gclár Dé Luain.
Bunaíodh Coláiste Bhríde in 1912, agus reáchtáladh na cúrsaí Gaeilge in Ó Méith ar feadh 14 bliain. Shocraigh an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh an coláiste a aistriú go ceantar ina raibh an Ghaeilge níos láidre ná mar a bhí in Ó Méith, mar a raibh sí ar an dé deiridh mar theanga phobail.
Osclaíodh an coláiste i Rann na Feirste in 1916 agus tá Gaeilgeoirí ag teacht chuig an gceantar ina sluaite ó shin le barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá níos mó ná 80,000 duine tar éis freastal ar an gcoláiste i gcaitheamh na mblianta fada sin, go leor acu a tháinig ó chontaetha Lú agus Muineacháin, an ceantar inar bunaíodh an coláiste beagnach 100 bliain ó shin.
D’fhreastail daoine mór le rá ar an gcoláiste, an t-iarUachtarán Éamon de Valera agus TK Whitaker in measc, chomh maith leis an ngníomhaí pobail agus polaiteoir Bernadette McAliskey, an ceoltóir Phil Coulter, agus an scoláire mór Gaeilge an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich.
Is féidir éisteacht leis an gclár speisialta Dé Luain, an Lá Saoire Bainc (4 Bealtaine) ag 11.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.