Tá colúnaí de chuid NÓS, Eoin Ó Catháin as contae an Chláir, ceaptha ina thuairisceoir polaitíochta le RTÉ Raidió na Gaeltachta. D’fhógair an stáisiún Gaeltachta ar maidin go mbeidh Eoin – a bhíonn ag scríobh do NÓS faoi chúrsaí polaitíochta agus eile go tráthrialta – ag tuairisciú as Teach Laighean ón mí seo chugainn amach.
Tá muid an-sásta a fhógairt go bhfuil @EoinKeane101 a bhíodh linn go minic mar aoi le blianta anuas, ceaptha anois ar fhoireann @RTERnaG & go mbeidh sé ag tuairisciú go rialta dúinn as Teach Laighean ar chláracha nuachta & cúrsaí reatha ó lár mhí Feabhra. Fáilte ar bord a Eoin! pic.twitter.com/Mb5dKiaSn8
— Raidió na Gaeltachta (@RTERnaG) January 25, 2021
Tá Eoin ina chónaí sa Bhruiséil le cúig bliana anuas, mar a raibh sé ag obair mar cheannasaí abhcóideachta leis an eagraíocht Spirits Europe. Is cainteoir líofa Fraincise, Béarla agus Gaeilge é Eoin agus bíonn sé le cloisteáil go rialta ar chláracha cúrsaí reatha ar RTÉ RnaG agus é ag trácht ar pholaitíocht na hÉireann, na hEorpa agus na Stát Aontaithe.
Bhain sé a bhunchéim amach sa Ghaeilge agus san Fhraincis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus céim an mháistir amach sna Meáin agus sa Choimhlint Idirnáisiúnta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá cáilíocht aige sa mhúinteoireacht chomh maith.
Cuirfidh Eoin tús lena ról nua le RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár na míosa seo chugainn agus beidh sé le cloisteáil agus é ag trácht ar imeachtaí na Dála agus an tSeanaid, chomh maith le scéalta móra polaitíochta eile, ar chláracha nuachta agus cúrsaí reatha an stáisiúin.