Colúnaí NÓS ainmnithe do Ghradam Raidió IMRO

Tá colúnaí spóirt NÓS, Máire Treasa Ní Cheallaigh, ar ghearrliosta na n-ainmniúchán don ghradam ‘Craoltóir Spóirt na Bliana’ ag Gradaim Raidió IMRO 2019. 

Is craoltóir aitheanta spóirt sna meáin Bhéarla í Máire Treasa, a bhain a cáil amach ar dtús ar Nuacht RTÉ/TG4 mar ar oibrigh sí mar iriseoir nuachta agus tuairisceoir spóirt. D’fhág sí RTÉ tamall ó shin agus chuir tús le ré nua le Off The Ball, ardán ilmheán spóirt a chraolann cláracha ar Newstalk, a chuireann podchraoltaí amach ar líne agus a fhoilsíonn ábhar clóite ar líne. 

Anuas air sin, ceapadh ina tráchtaire ar eir Sport í do chláracha CLG an stáisiúin sin níos luaithe i mbliana agus is minic a fheictear ar an taobhlíne í ag cluichí móra na sraithe.

D’fhill MT ar an gcoláiste anuraidh le tabhairt faoi chéim sa leigheas agus tá sí in gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn ó shin. Ba san gColáiste a bhí sí, i léacht mionbhitheolaíochta, nuair a tháinig an scéala gur ainmníodh don ghradam mór í. 

“Bhí mé sa léachtlann nuair a thosaigh an fón ag preabadh agus ag béiceach orm le teachtaireachtaí comhghairdeachais. Tá mé thar a bheith sásta gur ainmníodh i measc na gcraoltóirí iontacha eile seo mé, agus is mór an onóir dom a bheith ag obair in éineacht leo san earnáil sin. Bíonn an obair an-dúshlánach ó am go chéile, ach tá mo chroí sa spórt agus bainim an-taitneamh aisti,” a dúirt sí le NÓS. 

Tá céim sa nGaeilge agus sa tSíceolaíocht ag MT, chomh maith le hArd-Dioplóma sa gCumarsáid Fheidhmeach agus MSc sa tSíceolaíocht Spóirt. Bronnadh Gradam McNamee uirthi in 2015 as an gclúdach a thug sí do na Cluichí Gaelacha. 

Sa rannóg ‘Craoltóir Spóirt na Bliana’ tá Damien O’Meara agus Darren Freehill ó RTÉ Radio One agus comhghleacaithe Mháire Treasa in Newstalk, Joe Molloy agus Nathan Murphy.

Scríobhann Máire Treasa faoi chúrsaí spóirt gach Aoine ar NÓS. 

Bronnfar Gradaim Raidió IMRO in Óstán Ráth an Lígh i gCill Chainnigh an mhí seo chugainn. 

SCÉALTA EILE