Cúig chlár raidió san iomaíocht do ghradam Gaeilge IMRO

Tá cúig chlár raidió san iomaíocht i rannóg na craoltóireachta Gaeilge ag Gradaim Raidió IMRO 2021. 

Tá Barrscéalta RTÉ Raidió na Gaeltachta), Blas (BBC Raidió Uladh), Muintir na nDéise (WLR FM), Pop Raidió (Spin 103.8), agus Splanc (Newstalk) ainmnithe ar an ngearrliosta a fógraíodh inniu.

Bhí an craoltóir aitheanta Michelle Nic Grianna sa chathaoir agus an clár Barrscéalta beo ar an aer nuair a d’fhógair a comhghleacaí Póilín Nic Géidigh go raibh an clár ar an ngearrliosta, scéal a tháinig aniar aduaidh ar Michelle. 

Anuas air sin tá an clár Blas Ceoil ar BBC Raidió Uladh ainmnithe i measc cláracha Béarla don ghradam don Clár Saincheoil Is Fearr. Is í Caoimhe Ní Chathail a chuireann an clár spleodrach ceoil sin i láthair oícheanta Aoine ar an stáisiún Ultach, agus beidh sí in iomaíocht le Indie Disco with Clowd (Spin 103.8), Simply Folk (RTÉ Radio One), The Lyric Concert With Paul Herriot – Remembering John Lennon (RTÉ Lyric FM), agus The Tom Dunne Show (Newstalk). 

Beidh Gradaim Raidió IMRO ar siúl ar an 1 Deireadh Fómhair agus reáchtálfar an ócáid ar líne. Ní mór clárú roimh ré le freastal ar an searmanas bronnta. Beidh na cainteoirí Gaeilge Máirín Nic Dhonnchadha (Oireachtas na Gaeilge), Louise Cantillon (Spin South West), Lynette Fay (BBC NI), Julian de Spáinn (Conradh na Gaeilge) agus Lisa Ní Choisdealbha (IBI Ireland) i measc na moltóirí. 

SCÉALTA EILE