Beidh cúrsa Scileanna Raidió agus Craoltóireachta á reáchtáil ag Raidió Fáilte i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo an 18-19 Meitheamh. Beidh an cúrsa ar siúl in áras Raidió Fáilte ag bun Shráid Dhubhaise óna 10.00 go dtí 16.00 an dá lá, Satharn agus Domhnach. Taispeánfaidh baill foirne an stáisiúin pobail do na rannpháirtithe an bealach le clár raidió a léiriú, a láithriú, agus a chur in eagar.
“Gheobhaidh na rannpháirtithe deis faoi leith a bheith ag foghlaim faoin bhealach le clár raidió a chur le chéile agus an deasc fuaime a úsáid. Is fiú go mór a bheith páirteach sa chúrsa,” a dúirt Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin an stáisiúin, Dónall Mac Murchaidh.
Tá cúrsaí á reáchtáil ag Raidió Fáilte dóibh siúd ar mhaith leo tús a chur lena ngairm sna meáin chumarsáide le tamall de bhlianta anuas. Seo é an dara cúrsa deireadh seachtaine a reáchtálfar. Dúirt Dónall gur éirigh “thar barr” leis an gcéad chúrsa dá leithéid, a reáchtáladh i mí an Mhárta i mbliana, agus go bhfuil foireann an stáisiúin agus “dúil go mór” le cúrsa an Mheithimh.
Craoltar Raidió Fáilte ar 107.1FM i mórcheantar Bhéal Feirste agus ar fud an domhain ar raidiofailte.com. Tá liosta fada de ghradaim agus d’ainmniúcháin faighte ag cláir agus ag craoltóirí an stáisiúin ó bunaíodh sa bhliain 2006 é.
Is féidir clárú leis an gcúrsa traenála ach teagmháil a dhéanamh le traenail@raidiofailte.com.