Bhí go leor gnéithe dearfacha ag baint leis an Phlean Gníomhaíochta 2015 – 2019 i leith na Gaeilge a sheol RTÉ i nGailearaí na hEolaíochta i mBaile Átha Cliath inniu.
Is straitéis chuimsitheach struchtúrtha atá curtha le chéile ag an chraoltóir náisiúnta agus, má chuirtear i bhfeidhm iad mar atá leagtha amach, níl aon amhras ach go mbeidh tionchar suntasach ag na 93 beart nua atá san áireamh ann ar aschur RTÉ agus ar an phobal trí chéile dá réir.
Ar na forbairtí is mó a mheall m’aird féin ná an moladh go bhfiosrófar “seirbhís raidió nua náisiúnta do dhaoine óga” agus go ndéanfaidh RTÉ 2fm “amhráin Ghaeilge a thabhairt isteach go foirmeálta den chéad uair ar a liosta seinnte”.
Beidh tábhacht ar leith leis an dara beart ach go háirithe mar, ní amháin go gcuirfear i ngníomh é sa chéad bhliain den phlean, is réiteach díreach é ar cheann de na baic is mó atá ar an nuacheol Gaeilge le fada an lá.
Tá fianaise láidir ann ó chodanna eile den Eoraip gur féidir teangacha mionlaithe a neartú go mór trí cheol comhaimseartha a chur chun cinn sa mhionteanga sin.
Chun ceol comhaimseartha a chur chun cinn áfach, tá ardáin ag teastáil leis an cheol sin a scaipeadh agus a chur os comhair an phobail mhóir, ardáin nach bhfuil ar fáil do nuacheoltóirí Gaeilge in Éirinn le hais ceoltóirí Béarla.
Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ar thús cadhnaíochta sa ghnó seo ar ndóigh, mar aon le Raidió na Life, Raidió Fáilte, Raidió Rí-Rá agus iarrachtaí na hirise seo béim a chur ar cheol nuachumtha inár dteanga féin, ach tá tuilleadh ardán de dhíth má tá borradh breise le cur faoin earnáil.
Mar atá faoi láthair, tá raidió na hÉireann ar maos le ceol aonchineálach domhandaithe an Bhéarla.
Níl an fhadhb seo ann i roinnt tíortha eile mar go bhfuil polasaithe oifigiúla i bhfeidhm acu a thugann cothrom na féinne do cheoltóirí a chanann ina dteanga féin.
Sa Fhrainc, mar shampla, is gá do stáisiúin raidió cinntiú go bhfuil ar a laghad 40% den cheol a chasann siad sa Fhraincis.
Sa Chatalóin, tá córas cuóta i bhfeidhm a chinntíonn go bhfuil ar a laghad 25% den cheol a sheinntear ar raidió príomhshrutha sa Chatalóinis.
Ní amháin gur chuir na ceanglais seo éagsúlacht cheoil níos leithne ar fáil d’éisteoirí raidió, ach chuidigh siad go mór le cumadh, taibhiú agus tairgeadh cheol na Fraincise agus na Catalóinise, rud ar ndóigh a raibh tionchar an-dearfach aige ar thionscal an cheoil dúchais sa dá thír.
Níl a leithéid de pholasaí againn in Éirinn go fóill ach cuideoidh cur chuige nua seo 2fm le normalú na Gaeilge sa tsochaí agus spreagfaidh sé tuilleadh nuacheoltóirí Gaeilge dul i mbun cumadóireachta.
Ar ndóigh, bheadh stáisiún iomlán úr dírithe ar an nuacheol Gaelach – 2fm na Gaeilge, más mian leat, le cur taobh le RnaG atá “ar aon dul ó thaobh ábhair agus caighdeáin le RTÉ Raidió 1”, mar a dúradh i dTuarascáil Ghrúpa Oibre RTÉ anuraidh – níb fhearr arís ach is suimiúil gur luadh sa Phlean Gníomhaíochta go bhfiosrófar “seirbhís nua”, a bhainfeadh leas as córas reatha tarchuradóireachta RnaG, seachas “stáisiún nua” do dhaoine óga.
Is stáisiún iomlán atá á mholadh ag Raidió Rí-Rá le fada anois agus tá sé furasta a fheiceáil cad é mar a chuirfeadh a leithéid go mór le hearnáil cheoil na Gaeilge agus le meon phobal na teanga trí chéile.
Idir an dá linn beidh mé ag súil go mór le Seo Linn, Rís, Bréag, Dysania, Na Fíréin, Emma Ní Fíoruisce, Enda Reilly agus na scórtha eile nach iad a chluinstin ar aerthonnta 2fm go luath amach anseo.
Is tús é seo, ach tá go leor ábhar dóchais ann.