Tá áthas orainn an scéal a scaipeadh faoi éachtaí Raidió na Life ag Gradaim CRAOL na bliana seo agus dhá cheann de na príomhdhuaiseanna sciobtha leo ag an searmanas bronnta in Inis Díomáin i gCo. an Chláir le gairid.
An Bricfeasta Blasta, clár cainte bríomhar na maidine, agus Cultúr Ciúnais, sraith fhaisnéise trí chuid faoi mheabhairshláinte in Éirinn, a chinntigh an dá bhua do RnaL ag na gradaim raidió a aithníonn sárshaothair san earnáil phobail.
Ag labhairt di dúirt Niamh Ní Shúilleabháin (thuas ar chlé), léiritheoir agus duine de láithreoirí An Bricfeasta Blasta, gur toradh iontach atá sa duais ar obair mhór na foirne atá bainteach leis an chlár.
“Léiríonn an clár an díograis agus tiomantas atá ag foireann na gcraoltóirí deonacha, a thagann isteach le cúraimí láithreoireachta a ghlacadh orthu féin go moch ar maidin sula dtéann siad ar an ollscoil nó ag an obair gach lá,” ar sí.
“Gan tiomantas na n-oibrithe deonacha seo, ní bheadh an clár ann agus is léir go bhfuil an pobal éisteachta meallta ag an bhfoireann iontach seo.”
Dúirt moltóirí CRAOL go raibh An Bricfeasta Blasta, atá ag craoladh Luan go hAoine ar an stáisiúin ó 2015, “le moladh go hard” agus é “lán le beocht, neart topaicí agus raidhse guthanna”.
Tugadh aitheantas freisin don mhionsraith a dhírigh ar chúrsaí meabhairshláinte Cultúr Ciúnais i rannóg na gclár coimisiúnaithe.
Dúirt Aonghus Ó Lochlainn (thuas), léiritheoir na sraithe, gur “ábhar mór bróid” a bhí sa ghradam.
“Táim ar bís gur bhuaigh Cultúr Ciúnais an gradam seo ó CRAOL agus tá súil agam go dtabharfaidh an t-aitheantas seo níos mó d’ardán don tslí a gcaitheann muid, mar shochaí, le galair mheabhracha,” ar sé.
Fiosraíonn an tsraith an drogall a mhaireann in Éirinn dul i ngleic le fadhbanna meabhairghalair, agus an chaoi a ndéantar iarracht go minic an tinneas a cheilt.
“Is fadhb í seo a bhraitear i ngach aicme agus i ngach cearn den tír, ach tríd an tsraith chas mé ar mhórán daoine, idir dochtúirí, oibrithe carthanachta, agus daoine a bhfuil galair mheabhracha orthu atá ag obair go crua chun an ciúnas seo a bhriseadh.”
Maith sibh Raidió na Life!