Bhuaigh Raidió Rí Rá €10,000 ag na Good Cause Awards a reáchtálann an Crannchur Náisiúnta. Bronnann an Crannchur Náisiúnta duaiseanna airgid ar ghrúpaí agus eagraíochtaí ar fud an stáit as obair “inspioráideach agus nuálach” a dhéanann siad i réimsí éagsúla den saol.
Ba sa rannóg d’eagraíochtaí Gaeilge a ainmníodh Raidió Rí Rá, stáisiún digiteach raidió a chraolann popcheol agus cláracha atá dírithe ar an aos óg ón stiúideo i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.
Dúirt bainisteoir an stáisiúin, Niamh Ní Chróinín, le NÓS gur “mór an onóir” d’fhoireann Raidió Rí Rá an duais a ghnóthú.
“Táimid fíorbhródúil glacadh leis an ngradam agus cabhróidh an duais €10,000 go mór linn an stáisiún a chur chun cinn. Tá moladh mór tuillte ag foireann díograiseach Raidió Rí Rá, a bhíonn ag obair go deonach le seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga.
“Nílimid iomlán cinnte go fóill cá rachaidh an €10,000 ach is cinnte nach rachaidh sé amú! Níl ach stiúideo amháin againn faoi láthair atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Ba bhreá linn stiúideo eile a oscailt in áit éigin eile sa tír le deis a thabhairt do níos mó daoine a bheith páirteach i gcraoltóireacht raidió na Gaeilge,” a dúirt sí.
Dúirt sí freisin gur mhaith le lucht an stáisiúin ceardlanna raidió a chur ar siúl i scoileanna timpeall na tíre agus tuilleadh oibre a dhéanamh le grúpaí agus cumainn óige.
Bronntar €10,000 ar na buaiteoirí i sé rannóg éagsúla agus tá mórdhuais €35,000 ann do ‘Cúis Mhaith na Bliana’. Ba é an Children’s Grief Centre i Luimneach a thug leo an duais mhór i mbliana.
Ar na buaiteoirí eile i mbliana bhí Tarrtháil Shléibhe Bhaile Átha Cliath/Chill Mhantáin (Spórt), Spina Bifida Hydrocephalus Ireland (Sláinte), Líonra Forbartha Pobail Uíbh Fháilí Thuaidh (Pobal), Children’s Grief Centre (Óige), Waterford Healing Arts Trust (Cultúr), agus Coiste Athchóirithe Shéipéal Caitríona Naofa (Oidhreacht).
Ba í seo an chéad bhliain a reáchtáladh na gradaim seo agus bhí cead ag dream ar bith a fuair urraíocht ón gCrannchur Náisiúnta in 2014, 2015, nó 2016, cur isteach orthu.
Beidh an searmanas bronnta á chraoladh ar Virgin Media One (ar a dtugtaí TV3) Dé Domhnaigh an 11 Samhain ag 21.30. Beidh mír faoi Raidió Rí Rá agus an obair atá ar bun ag lucht an stáisiúin ar son na Gaeilge mar chuid den chlár teilifíse.
Bunaíodh Raidió Rí Rá deich mbliana ó shin agus tá an stáisiún ar fáil 24/7 ar líne, ar DAB agus ar aip an stáisiúin. Tá dlúthbhaint ag Raidió Rí Rá leis an togra CEOL a eisíonn albaim chuile bhliain ar a mbíonn leaganacha Gaeilge d’amhráin mhór le rá á gcanadh ag ceoltóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta.