‘€500 sa ló á chaitheamh ag daoine ar chócaon i gConamara’ – clár nua faisnéise ar RnaG

Labhróidh an t-iriseoir Cóilín Ó Neachtain le fear as Conamara a bhí ag caitheamh €500 sa ló ar chócaon ar chlár speisialta nua faoi “fhadhb an chócaoin i gConamara” ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Fiosróidh Cóilín úsáid an druga i nGaillimh trí chéile ar Snaoisín Bán a chraolfar ar RnaG Dé Céadaoin seo chugainn. Cloisfear ar an gclár ó fhear óg a bhí gafa leis an druga agus cuirfidh sé síos ar an tionchar a bhí ag cócaon ar “gach gné dá shaol” ón uair a smúr sé an chéad líne go dtí go raibh sé ag caitheamh €500 sa ló ar an druga. 

Labhróidh sé leis an nGarda Síochána faoin “bhfadhb mhór” sa cheantar Gaeltachta atá “ag fás bliain i ndiaidh bliana” agus leis na hoifigigh chustaim atá ag iarraidh an druga a choinneáil amach as an tír ar fad. Maítear gur tháinig méadú níos mó ná 50% ar líon na ndaoine a rugadh orthu i gConamara a raibh cócaon ina seilbh acu in 2022. 

I measc na n-agallaithe eile a bheidh ar an gclár Snaoisín Bán a chraolfar ar RnaG Dé Céadaoin seo chugainn, beidh an dochtúir teaghlaigh Micheál Ó Cathasaigh a chuirfidh síos ar na fadhbanna sláinte “tromchúiseacha” a bhaineann le húsáid an druga. Deir an Dr Ó Cathasaigh go bhfeiceann sé na fadhbanna seo i bhfad níos minice ina chuid othar anois. 

Labhróidh Cóilín chomh maith le Joe Treacy a bhíonn ag obair le daoine a bhfuil andúil acu i ndrugaí faoin easpa seirbhísí do dhaoine dá leithéid i gcontae na Gaillimhe agus faoi na seirbhísí atá ar fáil d’andúiligh in ionad Bushypark i gcontae an Chláir.

Craolfar An Snaoisín Bán ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin an 8 Feabhra ag 14.05.

SCÉALTA EILE