Labhair eagarthóir NÓS leis an gcraoltóir Seán Ó Dubhchon ar an gclár Seal le Seán ar Raidió Rí Rá níos luaithe an mhí seo faoina shaol mar iriseoir le RTÉ/TG4 agus Tuairisc.ie, agus faoina obair reatha mar eagarthóir ar an iris seo. Rinne sé cur síos ar an aistear a rinne sé ar an gCamino anuraidh, na rudaí a dhéanann sé nuair nach bhfuil sé i mbun iriseoireachta agus go leor eile.
Ar na haíonna eile a bhí ar an gclár bhí na haisteoirí Fionnuala Ní Fhlátharta agus Doireann Ní Fhoighil ó Ros na Rún agus Ciara Ní É.
Is féidir éisteacht siar leis an agallamh ar Spotify anseo: