ÉIST: NÓS ar Raidió Rí Rá
Blaiseadh de chlár comórtha NÓS

Bunaíodh an stáisiún cairtcheoil Raidió Rí Rá deich mbliana ó shin. Bhí an stáisiún, a bhíonn ar fáil ó cheann ceann na bliana ar líne agus ar an aip, á chraoladh beo ar FM i gceithre chathair an tseachtain seo caite le ceiliúradh a dhéanamh ar dheich mbliana a bhunaithe. Ghlac foireann NÓS, idir an t-eagarthóir, Maitiú Ó Coimín, beirt scríbhneoirí, Eoin P Ó Murchú agus Aideen McQueen, agus na ceoltóirí iomráiteacha Pádraig Ó Conghaile agus Cian Mac Cárthaigh ó IMLÉ, páirt sa gceiliúradh Dé Domhnaigh agus clár speisialta NÓS á chraoladh ar Raidió Rí Rá. Seo thuas blaiseadh den chlár sin!