‘Fanaim amuigh, breathnaím ar an spéir, agus ligim orm gur cailleach mé’

Labhair Maitiú Ó Coimín, eagarthóir NÓS, le Pádraig Ó Tiarnaigh, ón Dream Dearg, agus le Maoilíosa Nic Éadaoin, scríbhneoir agus file as an mBaile Meánach i gContae Aontroma, faoin Manainnis, faoin gceart athghiniúna, nó ‘reproductive rights’, agus faoi na difríochtaí idir na Gaeil agus na Gael-Mheiriceánaigh, idir nósanna ceiliúrtha Lá Fhéile Pádraig agus chúrsaí polaitíochta.

Taifeadadh an t-eagrán seo de ‘Pod don Eolach’ i Raidió Fáilte i mBéal Feirste agus cloistear ceol ó IMLÉ lena linn. 

SCÉALTA EILE