Fás agus forbairt an cheoil Cheiltigh le cíoradh ar ‘Brisim Achan Riail’

Craolfar an chéad eagrán den chlár nua Brisim Achan Riail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an Domhnach beag seo, an 12 Meitheamh ag 23.00. Is iad Seán Ó Dubhchon as Tír Chonaill agus Emma Ní Chearúil as Cill Dara a chuirfidh an clár nua ina dtabharfar léargas ar dhul chun cinn an cheoil Cheiltigh in Éirinn, in Albain, agus sa Bhreatain Bheag i láthair. 

“Tá sé eagrán ar fad sa tsraith Brisim Achan Riail, agus beidh téama difriúil ag achan chlár sa tsraith. Ar an gcéad eagrán beidh muid ag díriú isteach ar amhráin mhóra idirnáisiúnta, amhráin ó chomórtas na hEoraifíse agus na hits móra ar nós Despacito agus an Macarena agus muid ag ceistiú cad tuighe a bhfuil muid sásta mar thír agus mar shochaí glacadh le hamhráin mhóra idirnáisiúnta i dteangacha nach dtuigimid ach nach bhfuil na meáin i mBéarla sásta glacadh le hamhráin chomhaimseartha i nGaeilge. Rinne muid fiosrú ar an rud céanna maidir le Breatnais agus le Gàidhlig,” a dúirt Seán Ó Dubhchon le NÓS. 

Sna heagráin eile den chlár a chraolfar as seo go ceann sé seachtaine ar an stáisiún Gaeltachta cíorfar ceisteanna móra a bhaineann le fás agus forbairt an cheoil Cheiltigh sna trí thír le blianta beaga anuas. Labhair Seán agus Emma le leithéidí Róisín Seoighe agus Gráinne Holland as an tír seo; Runrig agus Marcas Mac as Albain; agus Ani Glas as an mBreatain Bheag chomh maith le go leor ceoltóirí Ceilteacha eile don chlár agus iad ag iarraidh tuiscint a fháil ar staid an cheoil Cheiltigh sa lá atá inniu ann. 

“Ceann de na rudaí a sheas amach ná go bhfuil cultúr láidir de cheol i mBreatnais sa Bhreatain Bheag ach go bhfuil dúshlán in Albain maidir leis an gceol comhaimseartha a chur chun cinn, agus go bhfuil muidinne cineál i lár báire anseo in Éirinn. Tá feabhas agus forbairt mhór tagtha le leithéidí Fhéile na Gealaí agus NÓS le roinnt blianta. Tá ardán ansin do cheoltóirí ach tá go leor le déanamh ag na meáin Bhéarla [in Éirinn] go fóill. 

“Dhírigh muid isteach ar chúrsaí polaitíochta, timpeallachta, pobail, agus dúchais a bhaineann le ceol comhaimseartha a chruthú i nGaeilge, i nGàidhlig, agus i mBreatnais. In eagrán eile den chlár, shíl muid go mbeadh sé suimiúil díriú ar athleaganacha nó aistriúcháin ós rud é go bhfuil leithéidí TG Lurgan agus na dlúthdhioscaí CEOL ann agus daoine cosúil le Emma Ní Fhíoruisce agus JJ Ó Dochartaigh ag cur a leithéid amach. Tá fás mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag déanamh aistriúcháin ar amhráin mhóra i mBéarla le ceol i nGaeilge a chur chun cinn agus rinne muid fiosrúchán air sin,” a dúirt Seán. 

D’fhiosraigh an bheirt láithreoirí na bealaí is féidir ceol a chur chun cinn le féilte agus ceiliúrthaí eile ar an gceol. Déanfar plé sa gclár ar Fhéile na Gealaí agus ar Eisteddfod na Breataine Bige, chomh maith le féilte eile ceoil in Albain. 

“Labhair muid le Huw Stevens faoi Eisteddfod agus chuir muid síos ar an áit agus an tábhacht atá ag leithéidí Ghradaim Cheoil NÓS le hardán a thabhairt do cheoltóirí fosta. Labhair muid le leithéidí Róisín Seoighe agus Gráinne Holland agus daoine mar sin a bhfuil rudaí déanta acu, agus rudaí buaite acu, faoin tábhacht a bhaineann le féilte agus ceiliúrthaí mar sin fosta,” a dúirt sé. 

Tá Seán agus Emma tar éis a bheith ag obair ar an gclár le breis agus bliain agus tá siad “ar bís” anois go bhfuil deis ag daoine éisteacht leis an “gceol comhaimseartha nuachumtha is fearr i nGaeilge, i mBreatnais, agus i nGàidhlig ar aon chlár amháin”. 

Dúirt Seán go raibh sé “thar a bheith tábhachtach” dóibh an tsraith a chur le chéile mar cheap siad go raibh aird agus ardán tuillte ag an gceol atá ag teacht amach sna teangacha Ceilteacha agus go raibh siad ag iarraidh go dtuigfeadh a lucht éisteachta go bhfuil rudaí “úr comhaimseartha atá ar comhchéim le rud ar bith atá ag teacht amach i mBéarla ná i dteanga ar bith eile” ann sna teangacha Ceilteacha, agus na caighdeáin chéanna le sonrú iontu. 

Beidh Brisim Achan Riail ar siúl an Domhnach beag seo ag 23.00 ar RTÉ RnaG.