Fergus Ó hÍr le héirí as mar bhainisteoir ar Raidió Fáilte

Tá Fergus Ó hÍr le héirí as a phost mar bhainisteoir ar an stáisiún pobail raidió Raidió Fáilte. D’fhógair Fergus, atá ar dhuine de na Feirstigh Ghaelacha is aitheanta sa tír, ar Twitter níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil a sheal tugtha aige i gceannas ar an stáisiún Gaeilge.

Bhí Fergus ar dhuine de mheitheal bhunaithe Raidió Fáilte agus bhí sé i measc na gcéad chraoltóirí a bhí ag an stáisiún. Bhí sé ina bhainisteoir nuair a athsheoladh an stáisiún in 2006, agus ba é a bhí i gceannas chomh maith nuair a aistríodh an stáisiún chuig an áras breá nua atá acu in Iarthar Bhéal Feirste. 

Tá Fergus ina bhall gníomhach de shaol na Gaeilge i mBéal Feirste le fada an lá. Bhí sé ar dhuine de mheitheal bhunaithe Mheánscoil Feirste (Coláiste Feirste anois) agus bhí sé ina phríomhoide ar an scoil chéanna. Bhí sé ina chomhalta de chuid Chomhairle na Gaelscolaíochta agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta.

Ghabh Fergus buíochas le gach duine “a thug cairdeas, cuidiú agus tacaíocht” dó i gcaitheamh na mblianta agus ghuigh “sonas agus sláinte mhaith” ar a chomhghleacaithe agus a chairde agus é ag fógairt go n-éireoidh sé as an ról bainistíochta.

Fógrófar post an bhainisteora i Raidió Fáilte go luath. 

SCÉALTA EILE