Gael-stáisiúin ag ceiliúradh lá raidió UNESCO

Dé hAoine seo, 13 Feabhra, déanfaidh daoine ar fud na cruinne ceiliúradh ar Lá Domhanda Raidió UNESCO, agus tá cóisir ar leith beartaithe ag na stáisiúin Ghaeilge anseo in Éirinn.

Den chéad uair riamh beidh comhchraoladh speisialta ann idir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte agus Raidió na Life, chomh maith le Near FM, stáisiún pobail in oirthuaisceart Chathair Átha Cliath.

Clár Rónán Beo ag 3in a bheas á chraoladh ar na ceithre stáisiún agus is ó stiúideo Raidió Fáilte ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, a chuirfidh Rónán Mac Aodha Bhuí an seó i láthair.

Bí ag súil le spleodar cainte agus ceoil beo beathach ón Cheathrú Ghaeltachta.

‘An Óige agus an Raidió’ téama idirnáisiúnta an lae agus, mar aon leis an chomhchraoladh stairiúil, beidh Gaeil óga ag glacadh seilbhe ar Raidió Fáilte mar chuid den cheiliúradh.

“Tá muid ag tabhairt cuireadh do dhaoine óga, le Gaeilge nó atá ag foghlaim na Gaeilge, smacht a ghlacadh ar an haerthonnta don lá,” arsa Fergus Ó hÍr, stiúrthóir Raidió Fáilte.

“Aon duine ar spéis leis nó léi bheith páirteach sa lá corraitheach seo ba bhreá linn go ndéanfadh siad teagmháil linn anseo ag an stáisiún.”

Beidh sraith imeachtaí agus ceardlanna éagsúla ar siúl i rith an lae agus bí cinnte go dtiúineann sibh chuig do rogha Gael-stáisiúin ar 3in!

Tuilleadh eolais agus sonraí teagmhála ar raidiofailte.com

 

SCÉALTA EILE