D’oscail an craoltóir aitheanta Cormac Ó hEadhra, ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, stiúideo nua Raidió na Life, stáisiún pobail Gaeilge Bhaile Átha Cliath, ar Shráid Amiens aréir. Tá an stiúideo á úsáid ag an stáisiún ó aistríodh oifig Fhoras na Gaeilge agus roinnt eagraíochtaí eile Gaeilge ó Chearnóg Mhuirfean go Sráid Amiens ag deireadh na bliana seo caite.