Inniu an lá deireanach a ghlacfar le hiarratais ar an bpost mar bhainisteoir ar an stáisiún pobail Gaeilge Raidió Fáilte, atá lonnaithe i mBéal Feirste. D’fhógair bainisteoir an stáisiúin, Fergus Ó hÍr, an mhí seo caite go raibh sé le héirí as.
Is duine “fuinniúil” atá á lorg ag Bord Stiúrthóirí an stáisiúin a bheith freagrach as “gach gné d’obair na heagraíochta”.
“Duine atá sáite in earnáil na Gaeilge le taithí bhainistíochta agus suim aige/aici in earnáil na meán cumarsáide atá uainn,” a scríobhadh san fhógra poist.
Luaitear tuarastal suas le £35,860 sa bhliain leis an bpost agus seachtain oibre de 37.5 uair an chloig. Ní mór foirm iarratais a lorg ón stáisiún le cur isteach ar an bpost bainisteora seo.
Bhí Fergus ar dhuine de mheitheal bhunaithe Raidió Fáilte agus bhí sé i measc na gcéad chraoltóirí a bhí ag an stáisiún. Bhí sé ina bhainisteoir nuair a athsheoladh an stáisiún in 2006, agus ba é a bhí i gceannas chomh maith nuair a aistríodh an stáisiún chuig an áras breá nua atá acu in Iarthar Bhéal Feirste.
Ní mór foirm iarratais a lorg, a líonadh, agus a chur ar ais chuig lucht an stáisiúin faoi 17.00 inniu.