Gradam buaite ag Bladhaire RnaG ag Gradaim na Meán Ceilteach aréir

Bronnadh an gradam don chlár irise is fearr ag Gradam na Meán Ceilteach aréir ar Bladhaire clár nua Áine Ní Bhreisleáin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bhí Gradam na Meán Ceilteach le bheith ar siúl sa mBriotáin aréir ach cuireadh an ócáid mhór ar ceal mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh tríd an Eoraip. Beartaíodh ócaid speisialta a reáchtáil ar líne ina áit agus ba ar shuíomh idirlín na nGradam a rinneadh an “bronnadh fíorúil” aréir. 

Bladhaire ar an aer ón bhfómhar seo caite, clár irise a chuireann an láithreoir aitheanta raidió Áine Ní Bhreisleáin i láthair agus a bhfuil Damien Ó Dónaill ina léiritheoir air. Tá lucht mór éisteachta meallta ag Áine ó cuireadh tús leis an gclár. Pléitear cúrsaí an tsaoil ann, bíonn ceol beo le cloisteáil go minic air, agus agallaimh spéisiúla le cainteoirí Gaeilge ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.

Bronnadh gradam freisin ar an gclár Sruth na Maoile, clár dátheangach Gaeilge agus Gàidhlig a chuireann Seán Ó hÉanaí i láthair as Casla i gcomhar le Mairi Anna Nic Ualraig in Albain. Bhuaigh Sruth na Maoile, atá ar an aer le 25 bliain anuas, an gradam don chlár ceoil is fearr ag na gradaim aréir. 

SCÉALTA EILE