Tá lucht Ghradaim Phodchraoltaí na hÉireann ag glacadh le hiarratais don ghradam ‘Podchraoladh Gaeilge Is Fearr. Reáchtáladh na gradaim den chéad uair anuraidh agus bhuaigh na podchraoltóirí aitheanta Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin, agus Sinéad Ní Uallacháin an bonn óir dá bpodchraoladh Beo Ar Éigean.
Beidh 24 catagóir ann i mbliana agus gradam ar leith ann don phodchraoladh is fearr a dhéantar i nGaeilge. Deir lucht na ngradam gur gá an Ghaeilge a bheith ina príomhtheanga ar na podchraoltaí a chuirfear faoi bhráid na moltóirí agus go nglacfar le podchraoltaí “i seánra ar bith”.
“Déanfar moltóireacht ar na hiontrálacha bunaithe ar a gcumas smaointe, daoine, agus dearcthaí nach ndéantar freastal orthu sna meáin atá ann cheana a chur in iúl; ar eispéireas éisteachta a osclóidh croíthe, inchinní, agus cluasa,” a deirt lucht na ngradam.
Tá táille i gceist leis na hiarratais agus tá lascaine ann do phodchraoltóirí a chuirfidh iarratas isteach luath – roimh 23 Meitheamh 2023. Glacfar le hiarratais eile go dtí 11 Iúil 2023 agus fógrófar an gearrliosta ar an 14 Meán Fómhair 2023. Beidh an searmanas bronnta gradam ann i mí na Samhna. Is féidir iarratas a dhéanamh anseo.
Bhí cúig phodchraoladh san iomaíocht don Phodchraoladh Gaeilge Is Fearr anuraidh – Beo Ar Éigean, Teachtaireachtaí, An Spota Dubh, Fada is Fairsing, agus Scéalta agus Béilte.
Níor ainmníodh aon phodchraoladh Gaeilge i gcatagóir taobh amuigh de chatagóir na bpodchraoltaí Gaeilge féin.