‘Is boichte a bheadh an saol gan an Raidió’

Ríl Mháirtín Shéamuis. An raibh a fhios agat gurb in é an t-ainm atá ar cheol aitheantais RTÉ Raidió na Gaeltachta, a sheinmtear gach maidin díreach roimis an seacht a chlog, chun tús a chur le craoladh an lae? Ah, is breá liom an trumpa sin, cuireann sé m’óige i gcuimhne dom. Cuireann sé tús le mo lá formhór gach lae chomh maith. 

Seinmeadh ar an 2 Aibreán 1972 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é nuair a bhí céad chraoladh an stáisiúin ann. Domsa, bhí an raidió fite fuaite i mo shaol laethúil agus mé óg. Bhíodh sé i gcónaí ar siúl sa tigh, sa chúlra, fiú mura mbítí ag éisteacht go cúramach leis. Chastaí in airde é nuair a thagadh An Saol Ó Dheasar siúl, nó Nuacht an Deiscirt nó cláir eile aneas. 

D’íslítí é nuair a thagadh cleas Chonamara nó Dhún na nGall ar siúl, cé go mbíodh leathchluais i gcónaí leis an raidió. Is mar a chéile, atá, go deimhin i scata tithe fós, cé go dtuigimid anois, níos fearr ná riamh, gur aon phobal amháin sinn, pobal na Gaeltachta, rud a chiallaíonn go gcuirimid níos mó suime in imeachtaí na gceantar eile. 

Cuireann ár mbuartha, ár ndea-nuacht agus ár scéalta truamhéalacha isteach ar a chéile, mar táimid níos táite ná pobail eile na tíre. Tá agallaimh cloiste againn go mion minic le Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig, Daithí Ó Cualáin, agus Séamus Cosaí Mac Gearailt cé ná beadh súil aithne againn orthu dá gcífimis ar an tsráid iad. Is é Raidió na Gaeltachta is cúis leis sin. 

Labharas le hAntain Ó Sé ó Ard na Caithne le déanaí, fear a bhí ar an gcéad Chomhairle a bhí ar an Raidió agus roinn sé cuimhní cinn liom faoi mo sheanathair féin, Johnny Nóiní Ó Cathalláin ón gCoimín a bhí ar an tarna Comhairle. 

Johnny Nóiní Ó Cathalláin, seanathair ár gcolúnaí

Dúirt sé ná feadair éinne ach na cruinnithe go dtaistealaídís chucu, agus go gcuimhin leis uair amháin, bhíodar ag teacht ó Ghaoth Dobhair, nuair a thit mo sheanathair ina chodladh i gCnoc Mhuire, agus ní dhúisigh sé, a dúirt Antain, go mbaineadar Lios Tuathail amach! Bhí Antain bocht ag caint leis féin, chun ná titfeadh sé féin dá chodladh agus é ag tiomáint, aistear a thóg ocht n-uair a chloig ag an am! Bhí Conor Cruise O Brien báúil don Raidió ag an am, a dúirt Antain, agus sé a mhol Antain, go deimhin, le bheith ar an gComhairle, mar a mhol Muiris Mac Conghail, m’athair críonna féin.

Bhíodh cruinnithe ann gach sé seachtaine ar dtús, a dúirt Antain liom, i Rath Cairn, in Uíbh Ráthach, i nGaoth Dobhair, i Múscraí, i ngach ceantar agus bhíodh bús acu agus iad ag caint, iad díograiseach, dúthrachtach, diongbháilte ar son RnaG. 

Ag trácht ar an tslí a bhfuil RnaG anois i gcomparáid le mar a bhí, dúirt Antain go bhfuil sé dulta chun cinn gan aon agó, go mór mhór nuair a háirítear an lucht éisteachta domhanda atá ag an stáisiún.

Gan dabht, táimse ábhar claonta, mar is Clár-Reachtaire mé le RnaG, ach tá mo chroí istigh ann agus tá greim docht, daingean aige orm. Cé chreidfeadh go rabhas féin le clos ar RnaG in aois a ceathair nó a cúig nuair a bhí comórtas do dhea-Ghaolainne ar an stáisiún. Chaithfeadh tuismitheoirí taifead a sheoladh go dtí an raidió le dea-chaint a linbh, agus ráinig go raibh téip-thaifeadtán ar siúl sa tseomra suite againne lá éigin, nuair a tháinig Sláine bheag isteach agus dúirt “Gag, dhein an cat a chac thíos sa tseomra”! Bhuas duais bheag! A

An duais is mó atá ag pobal na Gaeltachta anois, más ea, ná ár dteanga, ár gcultúr, agus an oidhreacht a d’fhág ár sinsear againn. A bhuí le Raidió na Gaeltachta, tá na duaiseanna san againn go rábach le clos agus sé ár ndualgas é, go mbeadh duine éigin eile ag scríobh ailt i gceann 50 bliain eile, faoi aistear 100 bliain RnaG, atá dulta ó neart go neart. Éinne a éistíonn le Raidió na Gaeltachta ó lá go lá, tá sé mar chuid dá bhféiniúlacht, agus gan an Raidió, is boichte a bheadh a saol.

SCÉALTA EILE