Tá cad é bús faoi phochraoltaí na laethanta seo agus anois tá a chéad phodchraoladh Gaeilge crochta ag RTÉ.
Beo ar Éigean is ainm dó agus is iad Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin agus Sinéad Ní Uallacháin atá ina bhun.
An chéad gheábh tugtar blaiseadh beag den chineál ruda ar féidir linn a bheith ag súil leis.
Gealltar caint idir éadrom agus throm ar ábhair na cruinne agus gan í a bheith dírithe ar an nGaeilge féin.
Cuireann Sinéad fáilte romhainn isteach agus cuirimid aithne ar na mná fad a chuireann siadsan síos ar an gcaoi ar chas siad le chéile i dtosach.
Pléitear réimse leathan téamaí i stíl éasca aerach: an chaoi a mbíonn ríomh-aithne ag daoine ar a chéile, uaireanta ar fágadh daoine ar an trá fholamh ar choinne agus cé chomh casta is atá ainmneacha phubanna Bhaile Átha Cliath.
Ansin ar aghaidh go dtí an wingwoman proifisiúnta a chabhraíonn le daoine comhrá a mhúscailt leo siúd a bhfuil spéis acu iontu agus plé ar nósmhaireachtaí na bhfón cliste.
Tá spórt agus spraoi le brath sa chaint ó thús ach ní fada go mbíonn ábhar níos troime i gceist leis chomh maith.
Bás carad agus an chaoi a mbuanaíonn sin cairdeas.
Ansin caint faoin tréimhse sin tar éis na hollscoile a mbíonn sé níos deacra fanacht i dteagmháil le seanchairde de do chuid.
Seans gur seo an chuid is láidre den phodchraoladh, taithí roinnte na mban agus iad ag dul i ngleic leis an saol, deis bheag dúinn cluas le héisteacht a bheith againn i gcomhrá a chloisfeá i gcúinne caifé nó taobh leat ar an mbus.
Tá an comhrá seolta taitneamhach agus pléann sé ábhair go leor.
Tá sé sách fealsúnach mar phíosa, leis, bhraithfeá go mbeimid ag suí isteach ar roinnt DMCanna amach anseo.
Déantar plé chomh maith ar an taobh den phearsantacht a thaispeánann daoine agus iad le grúpaí éagsúla.
Tá sé le brath de bheagán nach bhfuil an comhrá chomh hoscailte ná iad iomlán ar a gcompord fós.
Bhraithfeá nach fada go dtiocfaidh sin.
Is trua, áfach, go bhfuil duine amháin den triúr i stiúideo eile.
Táim cinnte gur mhó an chraic agus an spiorad dá mbeadh an slua bailithe in aon áit amháin (agus ní bheadh an macalla sin le sonrú uair nó dhó).
Ceist atá agam ná cén difear atá idir podchraoladh agus clár raidió?
Níos mó ama a bheith i gceist?
Tú a bheith in ann éisteacht ar do chaoithiúlacht?
Go leor de na podchraoltaí móra sin a bhfuil taithí againn orthu, déantar eagarthóireacht an-teann orthu chun giotaí áirithe a chur chun tosaigh nó chun cúil iontu.
Cruthaítear scéalta ardmhealltacha ar an gcaoi seo.
Cuid de bhua an phodchraolta seo ná gur cosúil é le comhrá idir cairde.
Mar sin féin ba bhreá liom an chleasaíocht eagarthóireachta sin a chlos ar phodchraoladh Gaeilge.
Seans nach chuige sin Beo ar Éigean, áfach.
Deirtear linn go mbeidh aoichainteoirí leo amach anseo agus is cinnte go gcuirfeadh sin dinimic bhreise leis.
Tá súil agam go mbeidh siad níos faide leis.
Tá an chéad chuid seo gearr go leor, faoi bhun 20 nóiméad go deimhin, ach tá blas ar an mbeagán.
Tá cuma na maitheasa ar an gcéad iarracht seo ó RTÉ ar phodchraoladh Gaeilge, chugainn an mórán!
Tugaigí cluas don chéad eagrán de ‘Beo ar Éigean’ anseo.