‘Liza Mo Stór’ & scéalta eile

Labhair NÓS le Colm Mac Séalaigh, ceoltóir aitheanta agus léiritheoir ildánach atá taobh thiar den tsraith nua ceoil ‘Liza Mo Stór & Scéalta eile’, a bheas le cloisteáil ar aerthonnta Raidió na Gaeltachta ó Dé Luain 11 Eanáir.


Dé Luain seo chugainn ag 9in cuirfear tús le sraith úrnua ceoil a dhíríonn ar amhráin chomhaimseartha na Gaeilge agus ar na cumadóirí atá ag saothrú a gcoda i ngort ceoil na nGael ó tháinig an earnáil i mbláth.

Toradh ar obair bliana atá sa tsraith 12 clár seo, ina dtéann an cumadóir agus ceoltóir aitheanta Colm Mac Séalaigh siar breis agus 60 bliain chun oidhreacht an nuacheoil Ghaeilge a fhiosrú.

Bhí spéis nádúrtha ag Colm san ábhar óna thaithí féin a bheith ag seinm agus ag cumadh leis an ghrúpa Ty Bach sna 70í, Na Fíréin (thíos) agus Éinniú ina dhiaidh sin.

Tá miontráchtas scríofa aige ar an ábhar chomh maith agus dúirt sé le NÓS gurb é sin a spreag é chun tabhairt faoin tsraith raidió sa deireadh.

Nach muid atá sásta!

Cuirtear 176 amhrán ar fad inár láthair le linn na sraithe agus faightear léargas faoi na ceoltóirí a d’fhág a lorg ar an cheol comhaimseartha Gaeilge.

publicityphotos

“Is é an chéad phopamhrán nua-chumtha Gaeilge a d’eisigh Clannad thiar in 1973 a spreag teideal na sraithe, ach cuireadh tús le scéal an cheoil chomhaimseartha Ghaeilge sna luath60í, le heisiúintí singile Gael Linn a chuir réalta ceoil na linne ag canadh i nGaeilge,” arsa Colm.

“Foirmle a bhí ann an t-am sin, ina n-iarradh ar cheoltóirí móra a bhí i mbéal an phobail amhráin a chur i láthair i nGaeilge.

“Ba mhaith ann é ach ní hé gur phróiseas orgánach a bhí i gceist.

“Tá sé an-suimiúil go bhfuil ciorcal déanta ag an gceol agus go bhfuil an córas sin in úsáid arís.”

Ó Sonny Knowles na 60í le ‘An bhfuil an fonn sin ort’ go dtí na Rubber Bandits, Clannad go Kíla, Na Fíréin go Bréag, Na Cloigne Folmha go Seo Linn, Na hUaisle go Rís – agus gach rud eatarthu – díríonn an tsraith ar raon leathan amhrán agus stíleanna, ina measc rac, pop, reigé agus eile.

Chuaigh Colm i mbun cainte le cumadóirí timpeall na tíre, mar aon le daoine a bhfuil baint acu le scéal an nuacheoil Ghaeilge; Máire Bhreatnach, Moya Ní Bhraonáin, John Spillane, Breandán Ó hEaghra, Rónán Mac Aodh Bhuí, Caoimhín Mac Giolla Catháin, Cian Mac Cárthaigh, Ciarán Ó Fátharta, Clíodhna Ní Mhurchú, Colm Ó Snodaigh, Enda Reilly, Mícheál Ó Foighil agus go leor eile.

Cluintear sa tsraith faoin tionchar a d’imir comórtais ceoil “a thug sprioc agus cúis mhaith do dhaoine amhráin Ghaeilge a chumadh” agus daoine ar leith, mar atá Rónán Mac Aodh Bhuí “a chuir brú ar cheoltóirí amhráin Ghaeilge a chur ar fáil don Chabaret”.

Dírítear ar ról eagraíochtaí agus comhlachtaí sa scéal chomh maith ar nós RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gael Linn agus Cló Iar-Chonnacht, agus pléitear na deiseanna a bhí agus atá ag ceoltóirí a gcuid ceoil a chur i láthair, mar an Cabaret Craiceáilte.

Dúirt Colm go bhfuil sé ag súil le bheith i láthair ag an fhéasta is úire den nuacheol Ghaeilge, Gradaim Cheoil NÓS, a bheas ar siúl sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo 8 Eanáir agus a dhéanfaidh ceiliúradh ar na ceoltóirí agus bannaí éagsúla atá tar éis cur le hearnáil an Ghaelcheoil le bliain anuas.

An mbeidh tú linn?


Craolfar ‘Liza mo stór agus scéalta eile’ ar RnaG ar an Luan, 11 Eanáir, ag 9in agus beidh fáil ar an gclár ar hseinnteoir RnaG fosta. Nuacheol na nGael abú!

SCÉALTA EILE