Beidh clár nua ceoil á chur i láthair ag an gceoltóir aitheanta as Corca Dhuibhne, Muireann Nic Amhlaoibh, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Seachtain ón Satharn, ar an 13 Deireadh Fómhair, a chuirfear tús le Malairt Poirt le Muireann’ ar an stáisiún Gaeltachta agus an clár á chraoladh ó stiúideo Bhaile na nGall i gCorca Dhuibhne.
Dúirt Muireann le NÓS go bhfuil sí “ag súil go mór” lena rogha cheoil a roinnt le héisteoirí RnaG, agus gheall sí “idir cheol Gaelach agus Ceilteach, ceol domhanda, agus ceol nua” ar an gclár a bheidh le cloisteáil ar an Satharn ón 7 a chlog go dtí a 9 chlog.
“Táim tar éis blianta fada a chaitheamh ar an mbóthar agus thug sé sin deis mórán ceoil a chlos, ní hamháin ceol Éireannach, ach ó chultúir dhifriúla ó gach cúinne na cruinne. Táim ag súil go mór leis an gceol seo a roinnt le héisteoirí Raidió na Gaeltachta ar an gclár nua. Beidh béim sa chlár seo ar ár gceol fhéinig, ach beidh iontaisí beaga caite isteach anso is ansúd chomh maith,” a dúirt sí.
Tá a dintiúir cruthaithe go maith ag Muireann mar láithreoir teilifíse le blianta beaga anuas ar chláracha éagsúla ar TG4. Thuill an clár Port a chuir sí i láthair leis an gceoltóir Albanach Julie Fowlis moladh mór agus bhí cúpla sraith den chlár ann. Bhí sí ina láithreoir teilifíse freisin ar leithéidí Geantraí, Anam an Amhráin, Gradam Ceoil TG4 féin, agus The Highland Sessions.
Is ceoltóir cruthanta amach is amach í freisin agus Gradam Ceoil TG4 buaite aici i measc mórghradaim is mionghradaim eile. Tá saineolas aici ar an gceol traidisiúnta agus máistreacht san ábhar bainte amach aici ó Ollscoil Luimnigh, áit ar mhúin sí an amhránaíocht agus an fhliúiteadóireacht go minic. Ar ndóigh, tá cáil dhomhanda ar Mhuireann ón tréimhse a chaith sí leis an mbanna ceoil Danú.
Faoi láthair, tá Muireann san iomaíocht do na RTÉ Radio One Folk Awards. Is i dtrí rannóg atá sí ainmnithe — Rian Traidisiúnta na Bliana, Amhránaí Traidisiúnta na Bliana agus Albam Traidisiúnta na Bliana. Is le vóta poiblí a roghnófar Albam Traidisiúnta na Bliana agus is féidir vóta a chaitheamh do bhean Dhún Chaoin anseo.
https://www.surveymonkey.com/r/CKSNY22