‘Nach duine de na Derry Girls thusa?’
Pod don Eolach ó Chultúrlann Uí Chanáin

Labhair eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, le Cara Park, ón mbanna ceoil ‘Ar an Tábla’, agus le scríbhneoir de chuid NÓS, Dáire Ní Chanáin, sa gCultúrlann i nDoire faoin trioblóid a bhí i dTaobh an Bhogaigh an tseachtain seo caite, faoin gcaoi a gcuirtear Doire agus na Sé Chontae in iúl ar an scáileán mór agus ar an scáileán beag, agus éachtaí an Ollaimh Kevin Scannell, a chuireann go mór le saol na nGael ar líne.