‘Oíche do Rónán’ ar siúl i gClub an Chonartha i mBaile Átha Cliath anocht

Beidh oíche bhailithe airgid ann i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair san archathair anocht ar mhaithe le Ciste Tacaíochta Rónáin Mhic Aodha Bhuí. Tá na mílte euro bailithe cheana féin ag lucht an fheachtais agus súil acu teacht i gcabhair ar an gcraoltóir aitheanta atá thíos leis an ailse faoi láthair.

Cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 17.00 sa teach tábhairne atá lonnaithe in íoslach cheannáras Chonradh na nGaeilge. Iarrfar ar an lucht freastail tabhartas €20 a thabhairt ar Eventbrite, airgid a ghabhfaidh caol díreach isteach i gCiste Tacaíochta Rónáin.

Beidh beárbaiciú a dhéanamh ag Conchubhar Mac Lochlainn ag an ócáid agus an bia ar fáil saor in aisce don lucht freastail. Beidh crannchur á reáchtáil freisin le tuilleadh airgid a bhailiú do Rónán.

Ar na daoine a bheidh ag cur siamsaíochta ar fáil don lucht féachana beidh na bannaí ceoil The Bonneymen agus The Len Collective. Chomh maith leis sin beidh Ciara Ní É agus Eoin P Ó Murchú ag aithris a gcuid filíochta ar an ardán.

Tá os cionn €150,000 bailithe ag Ciste Tacaíochta Rónáin ar GoFundMe ó seoladh an leathanach i lár na míosa seo caite agus reáchtáladh imeachtaí tiomsaithe airgid ar fud na tíre le mí anuas agus a thuilleadh beartaithe do na seachtainí atá amach romhainn. Deir lucht an Chiste Tacaíochta go bhféadfadh sé go mbeadh “suas le €180,000 agus breis” i gceist leis an gcóir leighis.

Bhí súil acu go mbaileofaí dhá thrian den airgead (€120,000) a bheadh ag teastáil ar an leathanach tiomsaithe airgid. Sáraíodh an sprioc sin laistigh de sheachtain agus tá an carnán airgid ag dul i méid ó shin agus imeachtaí á reáchtáil ar fud na tíre. Bailíodh beagnach €3,000 i dToraigh, os cionn €2,000 ar an Fhál Charrach agus beagnach €1,900 i Ráth Chairn. Bhí oícheanta bailithe airgid ann i mBéal Feirste agus i gCeantar na nOileán freisin.

SCÉALTA EILE