‘Parthas cumannach a bhí sa chéad Electric Picnic’
#podnós

An chéad eagrán den dara sraith de ‘Pod don Eolach’, podchraoladh NÓS. Labhraíonn Maitiú Ó Coimín le Gráinne Ní Ghilín agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, ón Dream Dearg, faoin Electric Picnic agus Féile na Gealaí, Acht Gaeilge ó thuaidh, buntáistí na Laidine agus an eachtráin ón Spás a labhraíonn an Ghaeilge.