‘Plé fiúntach agus spéisiúil’ ar thodhchaí Raidió na Life i mBaile Átha Cliath aréir

Tá bainisteoir Raidió na Life, Muiris Ó Fiannachta, “thar a bheith sásta” leis an gcruinniú a reáchtáladh faoi thodhchaí an stáisiúin pobail i mBaile Átha Cliath aréir. Bhí tuairim is 40 duine i láthair ag an gcruinniú, a bhí ar siúl in Áras na Gaeilge ar Shráid Amiens ar thuaisceart na cathrach. 

Dúirt Muiris le NÓS go raibh áthas air gur tháinig dhá scór daoine amach i lár na seachtaine le hionchur a bheith acu i “bhforbairt agus i dtodhchaí stáisiúin raidió pobail atá seanbhunaithe” agus gur léiríodh go bhfuil “Raidió na Life tábhachtach do dhaoine agus go mothaíonn siad go bhfuil bun acu sa stáisiún”.

“Bhí plé thar a bheith fiúntach agus thar a bheith spéisiúil ann, agus dearcthaí éagsúla, iad go léir luachmhar, curtha i láthair ag daoine éagsúla ón bpobal ar na deiseanna atá ar fáil do Raidió na Life le forbairt sa todhchaí, go háirithe na deiseanna a bhaineann le forbairt na teicneolaíochta. Tá Raidió na Life anois ar fáil ar fud na cruinne, níl sé teoranta don mbanda FM ná do Bhaile Átha Cliath mar a bhíodh go traidisiúnta,” a dúirt sé. 

Bhí ceathrar ar an bpainéal cainte a bhí i láthair aréir: údar an leabhair Radio Numbers Up Brian Greene; Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, Siún Ní Dhuinn; láithreoir an chláir Tús Áite ar RTÉ RnaG, Fachtna Ó Drisceoil; agus duine de láithreoirí aitheanta Raidió na Life féin, Ọlá Májẹ́kódùnmí.

Bhí plé oscailte ann i ndiaidh phlé an phainéil inar ghlac a raibh i láthair ag an gcruinniú páirt. Mhair an cruinniú thart ar dhá uair an chloig ar fad. Dúirt Muiris gur údar spéise don fhoireann gur daoine nach raibh aithne acu orthu a bhí i bhformhór na ndaoine a d’fhreastail ar an gcruinniú. 

“Nílimid cinnte fós cén leámh le déanamh air seo ach bhí móramh na ndaoine a bhí i láthair os cionn 50 bliain d’aois – go deimhin, déarfainn go raibh a bhformhór siúd os cionn 60 bliain d’aois. Tá sé seo thar a bheith spéisiúil ann féin toisc go bhfuil formhór chraoltóirí an stáisiúin agus na ndaoine atá ag déanamh na gclár agus ag soláthar an ábhair in aoisghrúpaí i bhfad níos óige ná sin.

“Léiríonn sé sin go bhfreastalaíonn Raidió na Life ar phobal an-leathan, agus nach gciallaíonn sé, agus branda, seirbhís chomhaimseartha agus stíl fhuinniúil chraolacháin á cur chun cinn againn go bhfuilimid teoranta do dhaoine óga amháin,” a dúirt sé. 

Dúirt sé gur “rud uilíoch” atá i gceist leis an stáisiún agus gur “léir go mbraitheann pobal na Gaeilge gur leo Raidió na Life”, rud a thagann le fís an stáisiúin pobail. 

Chuir foireann an stáisiúin spéis ar leith sa mhéid a dúirt Brian Greene faoi nósanna éisteachta na n-óg. Maíodh ag an gcruinniú go bhfuil daoine atá faoi bhun 25 bliain d’aois i gceantair ina bhfuil leathanbhanda maith agus clúdach maith fóin ar fáil “ag tréigean an raidió analógaigh” agus ag éisteacht le hábhar digiteach. 

“Cé go bhfuil tábhacht ag baint fós, agus go mbeidh riamh, le coincheap an sceidil raidió beo — go háirithe do nuacht, cúrsaí reatha agus araile, tá rudaí eile ag tarlú taobh le taobh leis sin agus ní mór dúinn a bheith ag éabhlóidiú de réir na dtreochtaí sin agus ag déanamh pacáistiú ar ábhar le bheith ar fáil go digiteach,” a dúirt sé. 

SCÉALTA EILE