Pod don Eolach – Podchraoladh NÓS
Déan nós. Bris nós. Pod NÓS.


Cuirtear tús inniu le Pod don Eolach, podchraoladh seachtainiúil NÓS, á thaifeadadh i stiúideo nua Raidió na Life ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath. An tseachtain seo, phléigh eagarthóir nua NÓS, Maitiú Ó Coimín, ailt mhóra na seachtaine le hEoin P Ó Murchú, scríbhneoir fadbhunaithe NÓS, agus Judy-Meg Ní Chinnéide ó Raidió na Life féin.

Tá súil againn oibriú i gcomhar le stáisiúin eile phobail ar fud na hÉireann agus aithne a chur ar Nósadóirí ó cheann ceann na tíre. Bainigí taitneamh as an gcéad ghála!

– Is i stiúideo Raidió na Life a taifeadadh an podchraoladh seo agus cloistear ceol ó IMLÉ lena linn. 

  • Niall Gordan

    Comhgháirdeas duit a Mhaitiú! 🙂