Sa ré dhigiteach seo ina maireann muid tá rogha fhairsing le fáil ar líne mar lón éisteachta, idir podchraolta agus sain-stáisiúin dhigiteacha.
Mar sin féin, bíonn formhór de mhuintir na 26 contae ag éisteacht leis an raidió gach lá.
Bíonn beagnach 3 mhilliún duine fásta ag casadh na diaile agus ag marcaíocht ar na haerthonnta le tiúnáil isteach ar na príomhstáisiúin raidió.
De réir tuairisce a d’fhoilsigh IPSOS, comhlacht neamhspleách taighde margaíochta, inné, éisteann 82% de dhaoine fásta leis an raidió gach lá, Luan go hAoine.
Tugann níos mó ná leath den daonra, 58%, cluas le héisteacht do stáisiúin réigiúnacha agus áitiúla, agus éisteann 44% le stáisiúin náisiúnta.
Nochtann na figiúirí go mbíonn éisteoirí dílse na tíre ag luí isteach ar na minicíochtaí is ansa leo ar feadh ceithre huaire an chloig, ar an mheán, Luan go hAoine, idir 7rn-7in, an príomh-am éisteachta.
San ardchathair tá an lámh in uachtar ag na stáisiúin náisiúnta, áit a meallann siad 57% den lucht éisteachta.
Amach ón phríomhchathair, áfach, is ag na stáisiúin áitiúla agus réigiúnacha atá an sciar is mó den phobal éisteachta.
In áiteanna áirithe, tá ag éirí leis na stáisiúin áitiúla níos mó ná 40% den daonra fásta sa cheantar a tharraingt chucu.
I measc na stáisiún is mó éisteoirí tá Highland Radio i nDún na nGall, MWR i lár na tíre, Northern Sound i gceantar an Chabháin agus Mhuineacháin, agus Radio Kerry sa Ríocht.
Tá aos óg na tíre (idir 15 agus 34 bliain d’aois) agus an dream níos sine (35+) ag caitheamh níos mó ama ag éisteacht le stáisiúin a ndúichí féin ná na cinn náisiúnta.
Cuireadh 16,850 duine thar 15 bliana d’aois faoi agallamh sa suirbhé seo a reáchtáil IPSOS thar cionn an Eagrais Chomhthaighde Náisiúnta um an Lucht Éisteachta.
Cad é an léargas a thugann torthaí an taighde dúinn orainn féin, mar sin?
Bhuel, is léir go santaíonn muid ábhar logánta a bhaineann go háirithe leis na bólaí s’againn féin – agus is maith mar a bhíonn na stáisiúin réigiúnacha agus áitiúla ag freastal ar an mhian sin.