Craolfar an chéad chlár ar an stáisiún nua pobail i gcathair na Gaillimhe, Raidió na dTreabh, ar líne anocht ag 7in.
Sa chéad chúpla seachtain, cuirfear blaiseadh de na cineálacha clár a bheidh le cloisteáil ar Raidió na dTreabh inár láthair agus beimid in ann éisteacht leo ar shuíomh an stáisiúin agus ar SoundCloud.
Tá sé i gceist ag díograiseoirí Raidió na dTreabh clár amháin in aghaidh an lae a chur amach ar líne le linn an tsamhraidh, a fhad is atá siad ag ullmhú chun ceadúnas FM a fháil.
Is léir ón ghiolc a seoladh ó chuntas an stáisiúin go bhfuil siad ar bís le tús a chur leis an chraoladh.
Ag tnúth go mór lenar gcéad chlár anocht, beidh sé ar fáil ar líne ag a seacht! #RnadTreabh pic.twitter.com/oIXfj1CF0W
— Raidió na dTreabh (@RnadTreabh) May 3, 2016
Clár cainte agus cúrsaí reatha a bheidh ann anocht, a dhíreoidh ar théama na meabhairshláinte.
Beidh urlabhraí ón fheachtas Darkness into Light – a bhfuil mórimeacht dá chuid ag tarlú ar fud na tíre Dé Sathairn, an 7ú Bealtaine – ar an chlár, mar aon le haoichainteoirí eile.
Cloisfear fosta ó na blagadóirí atá i mbun Gaeilge le Glam.
Is í Emma Ní Chearúil, bunaitheoir an stáisiúin, a bheas ag láithriú ar chlár na hoíche anocht.
Ina teannta beidh Colm Ó Fátharta, atá aitheanta i saol na Gaeilge as a pháirt mar Evan i Ros na Rún.
Dúirt Emma le NÓS go bhfuil siad ag súil le réimse leathan clár – cláir fhaisnéise, litríochta agus cheoil – a chraoladh ar Raidió na dTreabh sna laethanta amach romhainn.
“Is mian linn réimse leathan clár a chur amach sa chéad choicís seo agus is féidir linn forbairt a dhéanamh ar réimse an ábhair agus ar líon na gclár de réir a chéile,” ar sí.
Is i stiúideo Flirt FM, stáisiún raidió Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a dhéanfar na cláir a thaifeadadh i gcaitheamh an tsamhraidh.
Déanfar na cláir a chraoladh ar Flirt FM chomh maith go dtí go mbeidh Raidió na dTreabh beo ar na haerthonnta.
Mhínigh Emma go bhfuil na cláir á gcur le chéile díreach mar a bheadh siad á gcraoladh ar FM, le go mbeadh sé níos éasca dul ar aer nuair atáthar réidh agus go mbeidh ardchaighdeán ann ón chéad lá.
“Tá sé tábhachtach go mbeadh caighdeán ard ann ón tús ionas go mbíonn cúis ag daoine a bheith ag obair linn agus go meallfaidh muid éisteoirí,” ar sí.
Más maith leat clár a chur i láthair nó a bheith páirteach san fhiontar nua spleodrach seo, téigh i dteagmháil le Emma ar raidionadtreabh@gmail.com.
Gach rath ar Raidió na dTreabh!
Beidh muid ag éisteacht!