Cothrom an lae seo, sa bhliain 1993, thosaigh Raidió na Life ag craoladh den gcéad uair agus inniu tá ceiliúradh mór beartaithe, agus tuillte, ag lucht an stáisiúin chun an ‘lá breithe’ mór seo a chomóradh.
Inniu, beidh stiúideonna nua an stáisiún ar oscailt chun 25 bliain de sheirbhís a cheiliúradh. Bhog Raidió na Life go suíomh nua le déanaí — Ceannáras nua Fhoras na Gaeilge ar Shráid Amiens —agus tá cuma bhreá ar an láthair nua, agus stiúideonna úrnua den gcéad scoth ann. Beidh deis ag an bpobal súil a chaitheamh orthu inniu, óna 12:30-20:00, áit a mbeidh taispeántas beag faoi scéal an stáisiún pobail do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus sólaistí ar fáil chomh maith!
Áis é Raidió na Life do Ghaeil na príomhchathrach agus cuirtear fáilte i gcónaí roimh dhaoine nua teacht ar bord mar shaorálaithe deonacha, bíodh gur suim sa láithriú nó sa léiriú atá acu, nó fonn orthu scileanna nua a fhoghlaim agus a fhorbairt ó thaobh na craoltóireachta, teicneolaíochta nó poiblíochta de. Más áil leat sin, deis iontach é ceiliúradh an lae inniu chun tú féin a chur in aithne agus in iúl!
Leanfaidh na himeachtaí ceiliúrtha ar aghaidh Dé Sathairn, nuair a bheidh cóisir ar siúl ar Ché Éidin, in The Soundhouse. Beidh ceoltóirí éagsúla ag tabhairt faoin ardán don ócáid speisialta seo, ina measc na bannaí comhaimseartha Bruadar, IMLÉ agus an ceoltóir Rónán Ó Snodaigh. €10 costas na dticéad agus is féidir iad a cheannach cheana féin ar tickets.ie
Táim féin ag súil go mór leis. Comhghairdeas le Raidió na Life, gurb fada buan iad agus súil agam go mbeidh ceiliúradh eile ar bun againn i gceann 25 bliain eile!