Raidió Rí-Rá ar FM. Déanaimis buan é!

Tá Raidió Rí-Rá ag dul ó neart go neart. Bíonn sé le cloisteáil timpeall na tíre ar an suíomh gréasáin agus ar an aip, ach tá an stáisiún raidió beo ar FM ó 10 Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig le linn Sheachtain na Gaeilge. Is é Raidió Rí-Rá príomhchlár na gcairteacha a fheidhmíonn tríd an nGaolainn i bPoblacht na hÉireann. Tádar ag iarraidh dul ar FM go lánaimseartha timpeall na tíre agus ba chor dúinn tacú leo. 

Bhunaigh Conradh na Gaeilge Raidió Rí-Rá in 2008 chun rogha eile a thógáil do Ghaeilgeoirí óga sa tír lasmuigh de RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Níor chuir ach Raidió na Life (a bunaíodh in 1993) agus Raidió Fáilte (2006) an tseirbhís sin ar fáil i nGaeilge roimhe sin, a bhuí le tionchar dochreidte RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá moladh tuillte ag Saor Raidió Chonamara (stáisiún raidió bradach a craoladh mar chuid de Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta sa bhliain 1970). An fhadhb a bhí ann ná nach raibh Raidió na Life agus Raidió Fáilte ar fáil ar fud oileán na hÉireann ag an am áfach.

Dé réir shuíomh Raidió Rí-Rá, an sprioc atá ag an stáisiún ná “rogha a chur ar fáil do dhaoine óga an ceol a thaitníonn leo, agus ábhar atá oiriúnach dóibh, a chur ar siúl am ar bith, áit ar bith! Tá sé mar aidhm ag Raidió Rí-Rá ceadúnas náisiúnta FM a bhaint amach le go mbeidh siad le cloisteáil sa gcarr, sa gcistin agus ar an raidió ar fud na hÉireann.”

Ní gnáthstáisiún ceoil é Raidió Rí-Rá ach an oiread. Má tá tú ag iarraidh éisteacht le podchraolta iontacha, is féidir iad a aimsiú ar Raidió Rí-Rá. Is féidir do scíth a ligean leis Na Seansálaithe, Gay Byrne na Gaeilge, agus scríbhneoir le NÓS, Seán Ó Dubhchon ar Seal le Seán lena aíonna. Éistimse leis nuair a bhím amuigh ag siúl! 

Béaloideas ar Dúchas le Cúán De Búrca agus Cian Mac Coisteala, Coinne Chultúir le Jade Buttle, Aisling Ní Dhonnabháin, agus Emma Ní Chearúil, agus cinnte, mo chlársa, Ceol don Chroí le hAoife gach Domhnach ó 14:00 go dtí a 16:00 (plug gan náire). Tá an iliomad ann!

Tá sé féaráilte a rá go bhfuil teacht chun cinn an na Gaolainne le feiceáil sna meáin le blianta beaga anuas. Fuair an scannán An Cailín Ciúin ainmniúchán Oscar in 2023. Rinne Kneecap ceolchoirm saor in aisce in Melbourne dóibh siúd nach bhfuair ticéad chuig an bpríomh-cheolchoirm cúpla lá ó shin. Tá sliotáin ama Gaolainne ag go leor stáisiúin Bhéarla ar raidió FM timpeall na tíre. 

Cad ina thaobh nach féidir linn éisteacht le Raidió Rí-Rá ar na haerthonnta FM an t-am ar fad mar sin? Tá súil agam go dtiocfaidh athrú air sin go luath!

Beidh Raidió Rí-Rá ar FM timpeall na tíre go dtí Lá Fhéile Pádraig ar na minicíochtaí seo a leanas:

  • Baile Átha Cliath 105.2
  • Luimneach 105.5
  • Gaillimh 87.7
  • Corcaigh 106.7

Tá aip Raidió Rí-Rá ar fáil ar Google Play agus an App Store, agus is féidir éisteacht ar https://www.rrr.ie/ fosta.

SCÉALTA EILE