Raidió Rí-Rá beo ar FM an tseachtain seo

Cuireadh tús inniu le craoladh beo an stáisiúin Gaeilge Raidió Rí-Rá ar mhinicíocht FM i gcathracha ar fud na hÉireann inniu. Beidh ceol na gcairteacha agus caint le craoltóirí Raidió Rí-Rá le cloisteáil ar na haerthonnta i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach, agus i nGaillimh as seo go dtí Dé Céadaoin. Ní bheidh an stáisiún á chraoladh ar FM i gcúige Uladh, áfach. 

I measc na gcraoltóirí aitheanta a bheidh le cloisteáil an tseachtain seo ar Raidió Rí-Rá beidh leithéidí Louise Cantillon ó TG4, Aindriú de Paor ó RTÉ 2FM, Hugh Carr ó Joe.ie agus Aisling Ní Dhonnabháin ó Cúla 4.Anuas orthu sin beidh gnáthchraoltóirí an stáisiúin, dála Sheáin Uí Dhubhchon an tí seo, ar na cnaipí i gcaitheamh na seachtaine. Cuirfidh na podchraoltóirí ‘Na Gaelgals’ agus ‘Na Seansálaithe’ cláracha i láthair chomh maith le baill Chumainn Ghaelacha na nOllscoileanna agus “aíonna speisialta eile”. 

Tá an craoladh beo ar siúl agus an feachtas mór #Gaeilge24 ag tarlú i scoileanna ar fud na hÉireann. Beidh an feachtas sin ar siúl amárach, an 15 Samhain, agus tá lucht an stáisiúin ag súil go mbeidh daltaí scoile ó cheann ceann na tíre ag éisteacht le Raidió Rí-Rá agus iad ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid i gcaitheamh an lae. 

“Beidh ról ar leith ag an lucht éisteachta – tá láithreoirí an stáisiúin ag súil le hidirghníomhaícoht leis an bpobal, go háirithe daoine óga agus scoileanna. Agus #Gaeilge24 ag titim amach le linn na seachtaine céanna, cuirfear fáilte roimh theachtaireachtaí ó scoileanna agus ranganna ar Twitter, Instagram agus Facebook. Is féidir le scoileanna iarratais agus teachtaireachtaí a chur chuig an stáisiún ar na meáin shóisialta tríd an haischlib #RRRfm a úsáid, agus léifear amach ar an aer iad,” a dúirt Traic Ó Braonáin, cathaoirleach Raidió Rí-Rá. 

Tá bainisteoirí nua, Emma Ní Chearúil, ag Raidió Rí-Rá le tuairim is mí anuas. Dúirt sí gur “tús spleodrach” a bhí san ullmhúchán don chraoladh beo seo agus go bhfuil súil aici go mbeidh an stáisiún ar fáil ar FM “i gcónaí” amach anseo. 

“Tá foireann craoltóirí Raidió Rí-Rá díograiseach agus cumasach. Is iontach go bhfuil daoine óga ag obair leis an tseirbhís seo a sholáthar do dhaoine óga eile, agus tá sé mar sprioc againn go mbeadh ant seirbhís seo ar fáil i gcónaí, agus go mbeadh an rogha ag daoine óga na tíre teacht ar cheol agus caint trí Ghaeilge am ar bith, áit ar bith, ar FM agus ar líne,” a dúirt Emma. 

Táthar in ann éisteacht le Raidió Rí-Rá anois ar 105.2fm (Baile Átha Cliath, 106.7fm (Corcaigh), 105.5fm (Luimneach), agus 87.7fm (Gaillimh).

Tá an stáisiún ar an bhfód ó bhí 2008 ann agus is ceol cairteacha den chuid is mó a bhíonn le cloisteáil ann maraon le nuacht faoin bpopchultúr, faoin spórt, agus faoi scannáin. 

SCÉALTA EILE