D’oscail Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Deirdre Hargey, foirgneamh nua Raidió Fáilte ar Shráid Dhubhais in iarthar na cathrach inniu. Bhí an teach lán go béal tráthnóna agus idir chraoltóirí deonacha, fhoireann an stáisiúin, pholaiteoirí, mhuintir na háite, agus lucht bunaithe Raidió Fáilte i láthair don oscailt oifigiúil.
Tá cúig stiúideo sa bhfoirgneamh nua, chomh maith le seomra mór cruinnithe, oifigí riaracháin, cistin, láthair taispeántais agus caifé. Dúirt ceannaire Raidió Fáilte Fergus Ó hÍr gur “leis an bpobal ar fad” na háiseanna nua agus nach bhfuil sé féin agus a fhoireann “ach ag stiúradh na háite san am láthair”.
Bunaíodh Raidió Fáilte sna 1980idí, agus bhí an stáisiún á chraoladh mar stáisiún bradaíola ar feadh i bhfad, sular éirigh le lucht a stiúrtha ceadúnas a fháil breis agus deich mbliana ó shin. Bhí an stiúideo lonnaithe thuas staighre sa gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál ar feadh tamall de bhlianta, sular bhog sé go Áras Uí Churraoin níos faide soir an bóthar.
San áras nua, tá spás mór taifeadta do cheoltóirí, a bheidh ar fáil ar cíos, stiúideo a d’fheilfeadh do chláracha cainte a mbeadh grúpa beag daoine páirteach iontu, stiúideo traenála, agus dhá stiúideo eile.
Beidh an seomra boird inar féidir suas le dhá scór daoine a chur isteach ann ar fáil ar cíos freisin, chomh maith leis an láthair thaispeántais ar leibhéal an urláir. Anuas air sin, tá cartlann Raidió Fáilte le cur sa bhfoirgneamh nua, ábhar a craoladh le breis agus deich mbliana anuas agus atá anois in ord agus in eagar.
Tá an foirgneamh féin mór agus feiceálach ag bun Bhóthar na bhFál, buailte ar an mótarbhealach agus ag breathnú soir ar lár na cathrach. Is é an chéad rud a fheicfear ar an mbealach go hIarthar Bhéal Feirste agus tá radhairc mhaithe ó bharr an tí ar an gcathair agus an ceantar máguaird.
Dúirt Máire Nic Fhionnachtaigh, ó fhoireann Raidió Fáilte, nach bhfuil in oscailt an ionaid nua ach “deireadh an túis” agus go bhfuil “ré iomlán nua” amach roimh an stáisiún pobail anois. Nocht ceannaire an stáisiúin, Feargal Ó hÍr, pleananna eile don ionad agus don stáisiún inniu, agus é ag caint ar chomhoibriú le comharsana nua Raidió Fáilte ar Shráid Dhubhais, idir chomhlachtaí, eaglaisí, agus ghrúpaí pobail.
Cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála cúig bliana ó shin agus fuarthas maoiniú don togra ó fhoinsí éagsúla. Chosain an foirgneamh tuairim is £1.7 milliún agus tháinig cuid mhór de sin ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Chuir Ciste Infheistíochta na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus an Roinn Cultúir maoiniú ar fáil freisin.
Is féidir éisteacht le Raidió Fáilte i mBéal Feirste ar 107.1FM agus ar líne, ach tá pleananna fadtéarmacha ag lucht an stáisiúin a bheith ag craoladh ar fud an Tuaiscirt agus níos faide i gcéin ar FM.