Casaigí ar na cnaipí agus tiúnaigí isteach chuig Raidió Lurgan, stáisiún raidió úrnua Gaeilge atá ag craoladh ó cheannáras Choláiste Lurgan, in Indreabhán na Gaillimhe.
Ar maidin a seoladh RG Lurgan agus beidh na haerthonnta beo le popcheol i nGaeilge ar a gcainéal nua, ar Airtime Pro, 24/7 le linn Sheachtain na Gaeilge.
Ag labhairt dó le NÓS, mhínigh Mícheál Ó Foighil, stiúrthóir Choláiste Lurgan, go mbeidh an stáisiún ag tarraingt ar chartlann 200 rian – suas le 12 uair déag de cheol a taifeadadh sa choláiste ceolmhar – a bheas á athsheinm go randamach de lá agus oíche!
“Beidh muid in ann cur leis an gcartlann amach anseo,” ar sé
“Píosa spraoi atá ann agus togra deas a bheas ann an samhradh seo.”
“Bíonn go leor daoine ag cur ceiste orainn an mbeidh albam á chur amach againn agus cé nach bhfuil na hacmhainní againn le ceirníní a dhéanamh seo bealach leis an cheol a chur amach.”
Anuas ar an cheol, craoladh na chéad chláir chainte ar maidin freisin ó 11rn – 2in agus tá beartaithe go mbeidh suas le scór clár á chraoladh, agus ar fáil mar phodchraoltaí, idir seo agus deireadh na mórfhéile Gaeilge, an 17 Márta.
I measc na réaltaí óga a mbeidh a nglórtha le cloisteáil ar an stáisiún úr, tá Máirín de Buitléir, aisteoir ar Ros na Rún, Mícheál Ó Ciaraidh agus Mícheál Ó Conghaile, beirt chraoltóirí le Raidió na dTreabh, agus Stiofán Ó Fearáil ó Seo Linn.
“Leathanach oscailte bán atá ann” arsa Mícheál “agus beidh go leor cur agus cúiteamh, smaointí agus tuairimí agus spraoi agus craic ag baint leis.”
“Sa samhradh ansin, beidh muid in ann a bheith ag craoladh beo sa choláiste agus beidh na daltaí in ann a bheith ag éisteacht lena gcuid clár féin ag am bricfeasta sna tithe lóistín agus san oíche nuair atá siad ag ithe dinnéir.”
Tá clú agus cáil ar Choláiste Lurgan as na físeáin cheoil iontacha a chuireann siad amach ar a gcainéal You Tube ‘TG Lurgan’ agus tá muid ar bís go bhfuil togra nua raidió ar bun acu!
Tiúnáil isteach ar Raidió Lurgan ar Airtime Pro. Cuardaigh ‘RG Lurgan’ ar Google Play agus iTunes do na podchraoltaí.