Seo an chéad eagrán de ‘Pod den Eolach’ a taifeadadh i stiúideo Raidió Fáilte, a ainmníodh do stáisiún na bliana ag Féile na Meán Ceilteach an tseachtain seo, agus labhraíonn eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, le Dáire Ní Chanáin, as Doire, agus Edel Ní Churraoin, atá ar fhoireann Raidió Fáilte, faoin ngrúpa feachtais ‘Gaeil ar Son Rogha’, tuismitheoirí Dháire, agus an Sneachta Mór a d’fhág leath na tíre ina reolach an tseachtain seo caite.
Rinneadh taifead ar an bpodchraoladh seo i gcomhar le Raidió Fáilte agus beidh sé le cloisteáil ar an stáisiún sin agus ar Raidió na Life i mBaile Átha Cliath. Is é an banna ceoil IMLÉ a chuir an ceol aitheantais ar fáil.