D’éirigh le feachtas Fundit Raidió na dTreabh an sprioc €8,000 a shárú, agus lá amháin fágtha go mbeadh an t-am istigh.
Inné féin, ní raibh an pointe leathbhealaigh buailte go fóill acu agus bhí an chuma ar an scéal nach n-éireodh leo.
Ach ag labhairt le NÓS di inniu, dúirt Emma Ní Chearúil, a bhunaigh an stáisiún agus a bhí taobh thiar den fheachtas tiomsaithe airgid, go bhfuil “faoiseamh agus áthas ollmhór” uirthi gur thacaigh daoine leis an togra.
“Bhí mé buartha faoi ón gcéad lá. Is mór an méid é €8,000 agus bhí fanacht an-fhada i gceist.”
Cuireadh tús leis an fheachtas 7 seachtaine ó shin agus chuir an tréimhse fhada moill ar dhaoine airgead a thabhairt, dar le Emma.
Ghlan roinnt seiceanna ar maidin a tháinig isteach ó chomhlachtaí áitiúla agus airgead eile a bailíodh ag na himeachtaí éagsúla a reáchtáladh in Áras na nGael breis agus seachtain ó shin.
“Shíl mé ar maidin go mbeadh píosa le gabháil againn fiú agus an méid sin san áireamh ach tháinig €800 isteach ó dhaoine eile anseo i nGaillimh agus ar fud na tíre agus bhí sé sin go hálainn,” ar sí.
Admhaíonn Emma go mbeadh sé an-deacair leanúint ar aghaidh le Raidió na dTreabh mura dtabharfaí tacaíocht don fheachtas Fundit.
“Taobh amuigh den airgead féin, an faitíos is mó a bhí orm ná go mbeadh ceist mhór ann faoin togra a bhrú ar aghaidh mura raibh daoine sásta tacú leis.
“Is mó luach atá ar an airgead agus é ag teacht ó dhaoine a chuirfidh spéis sa stáisiún amach anseo,” ar sí.
Comhartha maith é liosta na ndaoine a thacaigh leis an togra, dar le Emma, agus go leor daoine agus comhlachtaí as Gaillimh agus áiteanna eile in Éirinn agus thar lear luaite ann.
“Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach aon duine agus eagraíocht a thacaigh linn agus tá muid ar bís go mbeidh stiúideo nua dár gcuid féin againn.”
Táthar ag súil go mbeidh siad ag craoladh as a stiúideo féin, a bheas ar bharr an tí in Áras na nGael ar Shráid Dhoimnic, faoi dheireadh na míosa seo chugainn.
Comhghairdeas mór libh uilig!
Raidió na dTreabh abú!