Splanc ar ais!

Sa mhullach ar sheoladh SnaG, tá dea-scéal eile ann mar go mbeidh Splanc, clár Gaeilge seachtainiúil Newstalk 106-108fm, ag filleadh ar na aerthonnta Dé hAoine 6 Márta.

Tá Daragh Ó Tuama ar ais sa suíochán te agus tabharfaidh sé léargas fáisnéisach ar ghnéithe de shaol na hÉireann – an cainteoir dúchais agus an foghlaimeoir, bainfidh siad araon taitneamh as Splanc. 

Gach seachtain beidh painéal aíonna – polaiteoirí, saineolaithe agus pearsantachtaí móra na Gaeilge – istigh sa stiúdió chun plé a dhéanamh ar mhórscéalta na seachtaine agus ábhar níos éadroma. 

Leanfaidh Splanc ag tabhairt ardáin do scoth an cheoil chomh maith agus cuirfear fáilte roimh cheoltóirí ó réimse leathan stíle ar Seisiún Splanc chun a gcuid cheoil a phlé agus a sheinm ar an gclár. Idir snagcheol, trad, ceol tíre agus ceol domhanda, beidh rud ann don uile éisteoir.

Tiúineáil isteach ó 10in gach Aoine.


SCÉALTA EILE