Tá stiúideo réigiúnach le hoscailt go hoifigiúil ag Raidió Rí-Rá in Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe tráthnóna. Beidh an stiúideo i mbarr an tí san ionad Gaeilge ar Shráid Dhoiminic mar a raibh stiúideo Raidió na dTreabh in 2016.
Is stáisiún cairtcheoil é Raidió Rí-Rá a bhíonn á chraoladh ar líne den chuid is mó ach a bhíonn ar na haerthonnta FM ó am go chéile freisin. Tá sé ina sprioc mhór ag lucht Raidió Rí-Rá a bheith ar an gcéad stáisiún Gaeilge do dhaoine óga a bheidh ar fáil ar FM ar fud na tíre le fada an lá.
Tógadh stiúideo raidió in Áras na nGael in 2016 don stáisiún raidió pobail Raidió na dTreabh a bhí ar an bhfód ar feadh tuairim is dhá bhliain ann. Tá an stáisiún pobail imithe i léig anois agus seilbh glactha ag Raidió Rí-Rá, a bhfuil a phríomhstiúideo i mBaile Átha Cliath. Thug Roinn na Gaeltachta maoiniú ar fáil le forbairt a dhéanamh ar an stiúideo.
Is í Barbara Nic Dhonnacha, láithreoir le Galway Bay FM, a osclóidh an stiúideo nua go hoifigiúil in Áras na nGael anocht. Cuirfear fáilte roimh mhuintir na cathrach, mic léinn Ollscoil na Gaillimhe, agus “duine ar bith eile a bhfuil spéis acu sa chraoltóireacht” ag an ócáid. Cuirfidh foireann Raidió Rí-Rá eolas os comhair an phobail faoi na pleananna atá ann don stiúideo agus don stáisiún, faoi na cúrsaí traenála a bheidh ar siúl ann, agus faoi na bealaí a d’fhéadfadh duine dul i mbun obair dheonach le Raidió Rí-Rá i nGaillimh agus ar fud na tíre.
Beidh na podchraoltóirí atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe ‘Na Seansálaithe’ ar an láthair anocht agus craolfar eagrán speisialta dá gclár ar Raidío Rí-Rá ón stiúideo agus aíonna speisialta ar an ardán in éineacht leo.
“Is iontach a bheith in ann an deis a sholáthar do dhream óg nua a bheith páirteach i gcraoladh Raidió Rí-Rá tríd an spás seo a chur ar fáil dóibh. Tá súil againn go n-eascróidh neart deiseanna, ócáidí, podchraoltaí agus cláracha nua raidió as an spás seo a oscailt,” a dúirt bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil, a bhíodh ina bainisteoir ar Raidió na dTreabh freisin.
Cairtcheoil a bhíonn le cloisteáil ar Raidió Rí-Rá den chuid is mó chomh maith le corrchlár cainte ó am go chéile. Bunaíodh an stáisiún in 2008 agus is féidir éisteacht leis 24 uair an chloig sa lá seacht lá na seachtaine. Bíonn an stáisiún le cloisteáil ar FM ag amanna éagsúla i gcaitheamh na bliana, go mór mór nuair a bhítear ag iarraidh aird a tharraingt ar an bhfeachtas stáisiún náisiúnta a dhéanamh de Raidió Rí-Rá.