Tá aithne curtha agam ar Thúr, Earcail agus Artúr Rí

Tá eolas ag chuile dhuine ar an seanchas, ar an bhfinscéalaíocht agus ar an miotaseolaíocht, fiú más i ngan fhios don duine féin é. Ní féidir éalú ó na scéalta sin a tháinig anuas chugainn ó ghlúin go glúin, ó bhéal go béal, ó pheann go páipéar, agus ar deireadh, ón teilifís go Netflix.

Cuireann sé iontas orm i gcónaí nuair a chastar duine óg orm nár chuala trácht ar Fhionn mac Cumhaill nó ar Chú Chulainn, ach má bhíonn sé aineolach ar a sheanchas féin, is cinnte gur chuala sé faoi Ἡρακλῆς (Earcail), Ἀχιλλεύς (Aichill), Þórr (Túr), Artúr Rí, agus fiú Beowulf mar gheall ar na scannáin mhóra a rinneadh fúthu le 20 bliain anuas.

Ach tá na mílte scéal ar fud an domhain nach bhfuil aon eolas againn orthu. Is beag eolais a bhí agam féin ar sheanchas na Slavach, cuirim i gcás, agus na Seapánach, gan trácht ar chultúr na dtíortha Afracacha go dtí gur thosaigh mé ag éisteacht leis an bpodchraoladh Myths and Legends.

Bhí mé mall ag teacht chuig saol na bpodchraoltaí — tá siad ar an bhfód le 14 bliain anuas agus go mór i mbéal an phobail le thart ar chúig bliana anuas — ach tá an-áthas orm gur thosaigh mé ag éisteacht leo an samhradh seo caite. Thug mé cluas do Myths and Legends den chéad uair ag tús na míosa seo.

Thosaigh Jason Weiser an podchraoladh seo tuairim is trí bliana ó shin agus tá fás mór millteach tagtha air ó shin — chomh mór sin go n-oibríonn sé go lánaimseartha air anois agus go maireann sé féin agus a bhean ar an mbrabach. Is coincheap réasúnta simplí atá ann — miotais agus finscéalta na cruinne a inseacht — ach tá bua ag Weiser iad a inseacht ar bhealach atá taitneamhach agus éasca le tuiscint ag lucht éisteachta ár linne.

Mar is eol do dhuine ar bith a léigh Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne ar scoil, nó an leagan úrnua de Táin Bó Cuailnge, is minic a bhíonn na scéalta seo casta agus Gaeilge (nó Béarla) d’ardchaighdeán ag teastáil ón té a léifeadh iad. Ní féidir linn ar fad an tSean-Ghréigis, an Lochlainnis, nó an Araibis a fhoghlaim agus na scéalta seo a léamh sa mbunteanga, agus fiú dá mbeadh an teanga chuí ar ár dtoil againn, is minic nach bhfeileann an réim teanga d’inseacht an lae inniu.

Ó thosaigh mé ag éisteacht le Myths and Legends, tá eolas curtha agam ar scéal Thúir, Earcail, agus Artúir Rí, chomh maith le go leor scéalta ón Afraic, ón Áise agus ó chultúr na mbundúchasach i Meiriceá Thuaidh. Is scéalta iad seo a d’eascair as an gcine daonna agus a mhúnlaigh é, agus tá tábhacht as cuimse ag baint leo.

D’fhéadfaí locht a fháil ar Weiser as an mbéarlagair agus téarmaíocht “nua-aimseartha” a úsáideann sé leis na heipicí seo a inseacht, nó an chaoi a mbreathnaíonn sé ar mhoráltacht agus ar luachanna na gcarachtar trí shúile na haoise seo, ach ar an mórchuid tá a iarrachtaí le moladh go mór.

Bhí imní orm nuair a chuala mé go dtabharfadh sé faoi An Táin, agus mhéadaigh ar m’imní nuair a chuala mé an fhoghraíocht a bhí aige ar ‘Cú Chulainn’ (Coo-heh-lane?) ach chuir a chuid éisteoirí in Éirinn ar bhóthar a leasa é agus bhí mé sásta lena inseacht ar an eipic is mó atá againn.

Tá os cionn céad eagrán den phodchraoladh ar fáil saor in aisce anois, agus podchraoltaí breise ann don té atá sásta $5 sa mí a íoc, agus molaim go mór do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige i miotaseolaíocht an domhain, nó go deimhin duine atá ar thóir podchraoladh nua spéisiúil, cluas a thabhairt dó.

SCÉALTA EILE