‘Tá mé ag ceapadh go raibh mná agus fir róchiúin rófhada’

Is i stiúideo Raidió na dTreabh i gcathair na Gaillimhe a taifeadadh Pod don Eolach an tseachtain seo agus Úna Ní Fhlatharta, Caoimhe Ní Ghriallais agus Stiofán Seoighe i mbun comhrá le heagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, faoi nósanna na Cásca, an luach atá ag an nGaeilge d’earnáil na turasóireachta agus faoi chultúr an éignithe in Éirinn.