Labhair Maitiú Ó Coimín an tseachtain seo le Caitlín Nic Íomhair agus Jade Pepper, ón Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath, faoin bhfeachtas in aghaidh an ghinmhillte a sheol Mickey Harte le deireanas, faoin gcanúint aisteach Bhéarla atá ag Jade, cúrsaí ginmhillte i Manainn agus in Éirinn agus an diabhlaíocht a bhíodh ar siúl sa tír seo maidir le him. Chomh maith leis sin, dhiúltaigh Jade dul ar saoire le Maitiú.